Jean le Rond d'Alembert

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jean le Rond d'Alembert

Matamaiticeoir is fealsamh a saolaíodh i bPáras ab ea Jean le Rond d'Alembert (16 Samhain 171729 Deireadh Fómhair 1783). Rinne sé staidéar ar dhlí, míochaine is matamaitic. D'fhoilsigh sé Traité de dynamique (Tráchtas ar Dhinimic, 1743), ag cur dinimic Newton i bhfoirm mhatamataiciúil is ag forbairt a phrionsabal maidir le cothromaíocht. Ba é an príomhchomhoibritheoir le Denis Diderot i 1751-1758 ar an Encyclopédie (Ciclipéid) ar foilsíodh 36 imleabhar de faoi 1776, foilseachán bunúsach d'Aois na Tuisceana san 18ú céad sa bhFrainc.