Jean Julius Christian Sibelius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumadóir ceoil a rugadh i dTavastehus na Fionlainne ab ea Jean Julius Christian Sibelius (1865-1957). Náisiúnach díograiseach, a chum sraith mhór dánta siansacha a bhí bunaithe ar mhioneachtraí as eipic na Fionlainne, an Kalevala. I measc a shárshaothar tá 7 siansa (mhill sé féin an 8ú ceann), dánta siansacha, Finlandia (1899) go háirithe, agus coinséartó don veidhlín.