Jane Griffin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Bhantiarna Jane Franklin

Jane Griffin, an Bhantiarna Franklin (4 Nollaig 179118 Nollaig 1875) – bean chéile an taiscéalaí Sir John Franklin, taistealaí agus duine de na ceannródaithe tosaigh chun na Tasmáine.

Saol[athraigh | edit source]

Ba í Jane an dara hiníon de thriúr a bhí ag John Griffin agus a bhean Jane Guillemard. Fear libhré agus ina dhiadh sin gobhanóir de chuid an chomhlachta Goldsmith ab ea John Griffin. Fuair a máthair bás nuair a bhí Jane trí bliana d’aois. Ba de shliocht Úgónach an dá chlann. Rugadh Jane i Londain – bhí cónaí orthu i mBedford Place i Londain. Thug Miss Pellatrau oideachas di sa bhaile i dtosach agus ina dhiaidh sin, d’fhreastail sí ar scoil chónaithe ghalánta a bhí ag Miss Van den Enden in Chelsea. Tar éis di an scoil a fhágáil, lean Jane uirthi ag cur oiliúint uirthi féin. In ionad fuáil a dhéanamh nó úrscéalta rómánsúla a léamh, léigh sí leithéidí “Logic, or The Right Use of Reason” agus “The Improvement of the Mind” le Isaac Watts. Chuir sí suim sa stair freisin agus rinne sí staidéar ar an Laidin, an Fhraincis, an Iodáilis, Céimseata agus Uimhríocht. Thug sí cuairteanna ar Oxford agus Cambridge freisin, ach ag tús an naoú céad déag, ní bhíodh deis ag mná freastal ar an ollscoil.

Chaith sí sé mhí i gCorn na Breataine lena huncail John Guillemard agus a bhean. Mhúin seisean ailgéabar, stair, gramadach agus fealsúnacht di. D’fhoghlaim sí conas ficheall a imirt freisin.

Bhí suim ag a hathair san eolaíocht, sa taisteal agus taiscéalaíocht agus bhí an-tionchar aige seo ar Jane. Nuair a bhí si fós sna déaga thaisteal sí ar fud Shasana, go Devonshire in 1809 agus go tuaisceart na Breataine Bige in 1810, áit ar dhreap sí Mount Snowdon (an binn is airde sa Bhreatain Bheag, 3,560 troigh). Lean sí den nós sin i rith a saoil – ag dreapadh sléibhte arda pé áit a ndeachaigh sí. I mí Lúnasa 1814, chun barr feabhais a chur ar oideachas a n-iníonacha, bheartaigh John Griffin ar Mhórthuras na Mór-roinne a dhéanamh. Chaith siad dhá bhliain ag taisteal ar fud na hEorpa – go dtí Páras, Flórans, An Róimh agus An Ghinéiv – áit ar dhreap Jane Mont Blanc (an binn is airde san Eoraip, 15,781 troigh).

A pósadh le John Franklin[athraigh | edit source]

Bhí Jane cairdiúil le Eleanor Anne Porden, file, a bhí pósta le John Franklin. Fuair sise bás den eitinn sa bhliain 1825. Phós Jane agus John Franklin ar an 5 Samhain 1828. Bronnadh ridireacht ar John Franklin sa bhliain 1829. I gcaitheamh na trí bliana ina dhiaidh sin, bhíodh sí scartha óna fear céile ar feadh tréimhsí fada go minic nuair a bhíodh sé ar dualgas leis an gCabhlach Ríoga sa Mheánmhuir. Sa bhliain 1836 ceapadh é mar leifteanant-ghobhanóir na Tasmáine, áit ar shroich siad ar an 6 Eanáir 1837.

A caidreamh le coilíneacht na hAstráile[athraigh | edit source]

Chuir an Bhantiarna Franklin spéis láithreach sa choilíneacht agus rinne sí go leor taiscéalaíochta ar chósta an deiscirt agus an iarthair. Sa bhliain 1839 ba ise an chéad Eorpach mná a rinne turas thar tír idir Port Phillip agus Sydney. In Aibreán na bliana sin, thug sí cuairt ar an lonnaíocht nua ag Melbourne, áit ar bronnadh aitheasc uirthi a bhí sínithe ag 65 de phríomhshaoránaigh na háite, a luaigh a cineáltas, a dea-mhéin agus a carthanacht. Spreag sí féin agus a fear céile bunú meánscoileanna do bhuachaillí agus do chailíní araon. In 1841 thug sí cuairt ar Dheisceart na hAstráile agus chuir sí ina luí ar an ngobhanóir, an Coirnéal George Gawlerm, píosa talún atá suite os cionn Mhurascaill Spencer a chur ar leataobh chun leacht i gcuimhne ar Matthew Flinders a chur suas. In 1841-42 ba í Jane an chéad Eorpach mná a thaistil ó Hobart go Cuan Macquarie.

Bhí go leor comhfhreagrais aici le Elizabeth Fry faoi na mná a bhí ina ndaoránaigh sa choilíneacht, agus rinne sí a dícheall a gcás a fheabhsú agus a leasú.

Cuireadh ina leith go raibh tionchar míchuí aici ar a fear céile agus a dhualgais oifigiúla á gcomhlíonadh aige. Is cinnte go raibh sé sásta gur chuidigh sí leis cuid dá fhadhbanna a réiteach agus is dócha go ndeachaigh siad i gcomhar lena chéile nuair a bunaíodh an cumann eolaíochta as ar eascair Cumann Ríoga na Tasmáine ina dhiaidh sin. Nuair a athghaireadh Franklin ag deireadh na bliana 1843 thaistil siad go Melbourne i dtosach agus ansin go dtí an Nua-Shéalainn ar a mbealach ar ais go Sasana.

I ndiaidh dá fear céile dul ar iarraidh[athraigh | edit source]

Thosaigh a fear céile amach ar a aistear mara deireanach go dtí an tArtach i Mí na Bealtaine 1845 agus nuair a tuigeadh go raibh tubaiste éigin tar éis tarlúint dó chaith an Bhantiarna Franklin a dúthracht ar feadh na mblianta ag iarraidh fírinne an scéil a dhearbhú. Rinne sí urraíocht ar cheithre shluaíocht (in 1850, 1851, 1852 agus 1857) ag iarraidh a fear céile a aimsiú. Ar deireadh d’aimsigh Francis McClintock (as Dún Dealgan) fianaise in 1859 go raibh Sir John Franklin tar éis bás a fháil dhá bhliain déag roimhe sin, gar do King William Island i gCeanada, ar an 11 Meitheamh 1847. Maíodh i dtuairicsí níos luaithe gur chas siad ar an gcanablacht chun teacht slán, ach dhiúltaigh an Bhantiarna Franklin glacadh leis an scéalta sin agus chaith drochmheas ar an taiscéalaí John Rae, arbh é an chéad duine a d’fhill le scéala cinnte faoi chinniúint a fir chéile.

Faoi 1860 ní fhéadfaí níos mó a dhéanamh, agus chaith an Bhantiarna Franklin an chuid eile dá saol ina cónaí i Sasana agus ag taisteal ar fud an domhain. D’éag sí i Londain ar an 18 Iúil 1875.

Bean neamhghnách ab ea an Bhantiarna Franklin. Ba bhean chliste, oilte í, a mhair sa ré Victeoiriach agus a leag amach caighdeán maireachtála a bhí ina eiseamláir do lonnaitheoirí tosaigh na Tasmáine. Chuir na hiarrachtaí diongbháilte a rinne sí fírinne an scéil maidir lena fear céile a aimsiú go mór leis an eolas a bhí ag daoine go dtí sin ar réigiúin an Artaigh.