Jan Evangelista Purkyně
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Jan Evangelista Purkyně | |
| Dáta breithe | 17 Nollaig, 1787 |
| Libochovice, An Bhoihéime, Monarcacht na hOstaire | |
| Dáta báis | 28 Iúil, 1869 |
| Prág | |
| Náisiúntacht | Seiceach |
| Réimsí | Anatamaíocht, fiseolaíocht |
| Iomráiteach do | Cealla Purkinje |
Anatamaí agus fiseolaí Seiceach ab ea Jan Evangelista Purkyně (scríofa freisin mar Johannes Evangelist Purkinje; 17 Nollaig, 1787 - 28 Iúil, 1869).
Bhí sé ar dhuine de na heolaithe is cáiliúla le linn a shaoil. Ba é a mhac an péintéir Karel Purkyně. Bhí a cháil chomh mór sin nach raibh gá ag na daoine a scríobhadh litreacha chuige ó lasmuigh den Eoraip, ach "Purkyně, an Eoraip" a chur ar an chlúdach.
Tá sé curtha i Reilig Náisiúnta na Seice i Vyšehrad, Prág, Poblacht na Seice.