James Dewar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
James Dewar

Ceimicí is fisicí a rugadh i gCinn Chàrdainn na hAlban ab ea James Dewar (20 Meán Fómhair 184227 Márta 1923). Sna 1870idí cheap sé fleascán Dewar agus bhain úsáid as ina thaighde ar theochtaí ísle is leachtú gás (1892). Le Frederick Abel (1827-1902) cheap sé coirdít, a d'úsáid arm na Breataine mar phríomhphléascán ar feadh i bhfad. Fuair sé bás i Londain Shasana sa bhliain 1923.