James Alfred Van Allen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí is réalteolaí a saolaíodh i Mount Pleasant, Iowa ab ea James Alfred Van Allen (1914-2006). Pleanálaí tábhachtach do Bhliain Idirnáisiúnta na Geoifisice (1957-1958), agus d'eagraigh staidéar chuici sin ar shonraí ó shaitilítí Explorer I is Pioneer III ar an maighnéadaisféar os cionn an atmaisféir. Fuair sé amach go raibh dhá chrios radaíochta i gceist, agus tugtar creasa Van Allen orthu anois. Ina phríomhthaighdeoir ar 23 taiscéalaí spáis ina dhiaidh sin.