Jacques Monod

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jacques Monod

Bithcheimicí a rugadh i bPáras ab ea Jacques Lucien Monod (9 Feabhra 191031 Bealtaine 1976). Lena chomhghleacaí François Jacob, rinne sé taighde bunúsach ar mheicníochtaí géiniteacha rialaithe, agus shaothraigh teoiric an obróin, géin a rialaíonn géinte eile trí nascadh le cuid ar leith den DNA. Roinneadar Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1965 le André Lwoff. D'fhoilsigh sé Le Hasard et la Nécessité (Seans agus Riachtanas, 1970), leabhar ar fhealsúnacht na beatha bunaithe ar an mbitheolaíocht.