Jacques Labillardière

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jacques-Julien Houtou de La Billardière
Jacques Labillardière.jpg
Portráid ón bhliain 1821
Dáta breithe 28 D. Fómhair 1755
  Alençon, an Fhrainc
Dáta báis 8 Eanáir 1834
  Páras, an Fhrainc
Réimsí Luibheolaíocht

Luibheolaí Francach ba ea Jacques-Julien Houtou de La Billardière (28 Deireadh Fómhair 17558 Eanáir 1834).

Rugadh é in Alençon, áit a bhfuair sé scolaíocht sa choláiste, agus rinne sé staidéar ar an leigheas in Montpellier, mar a ndearna sé cúrsa luibheolaíochta. Fuair sé dochtúireacht leighis i bPáras sa bhliain 1780 agus dhírigh a aird ar an nádúr as sin amach, ag taisteal nó ag déanamh taighde.[1]

Bhain sé amach Sasana ar dtús, mar a ndearna staidéar faoi threoir an Ridire James Edward Smith (1759-1828) agus an Ridire Joseph Banks (1743-1820) ar na luibheanna a bailíodh ar fud an domhain le linn thuras deireanach James Cook.[2]

Nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc chuaigh sé leis ag bailiú luibheanna in éineacht le heolaithe éagsúla faoi shléibhte Dauphiné agus ansin faoi Alpa Phíodmant.

Sa Mheán-Oirthear[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1786 d’iarr an rialtas air dul ar cuairt chun Ciprise, chun na Pailistíne agus chun na Siria. Choinnigh an phlá agus an cogadh sa tSiria é, agus shiúil sé Sliabh na Liobáine, áit a bhfuair sé amach nach raibh i bhforaois chlúiteach na gcéadras ach cúpla céad crann. Bhailigh sé plandaí agus fuair eolas ar bhéasa na nDrúsach agus na Marainíteach. Chrom se ar an tomhas freisin agus rinne amach airde na sléibhte. Tá sléibhte na Liobáine chomh hard sin go raibh aeráidí éagsúla le fail aige de réir na hairde – plandaí na dtíortha teo thíos, plandaí na dtíortha measartha leath slí suas, plandaí na dtíortha fuara láimh leis an mullach.[3]

Thug se a aghaidh ar an Damaisc agus ansin ar an bhFrainc, agus é ag tabhairt cuairt ar an gCréit, ar na tSairdín agus ar an gCorsaic, áiteanna a sholáthair mórán plandaí dó. Ar ais sa Fhrainc dó thosaigh sé ag foilsiú cuntais ar a raibh déanta aige, saothar dar teideal Icones Plantarum Syrix rariorum descriptionibus et observationibus illustratæ (Páras 1791) nár chríochnaigh sé go dtí an bhliain 1812.

San Aigéine[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1791 d’ordaigh an rialtas go gcuirfí sluaíocht ar lorg longa La Pérouse, taiscéalaí, san Aigéine. Bhí Bruny d’Entrecasteaux agus Huon de Kermadec i gceannas ar chabhlach beag ceithre long, agus d’éirigh le La Billardière imeacht leis.

Na frigéid Recherche agus Espérance

D’imigh sé ar bord La Recherche ar 28 Meán Fómhair 1791, agus nuair a baineadh amach Rinn an Dóchais shiúil sé na sléibhte agus fiú chuaigh amach faoin tuath chomh fada le Fransche-Hoek chun bualadh le coilíneacht Úgónach a d’fhódaigh iad féin ann sa bhliain 1675. Bhailigh sé neart plandaí nach raibh an oiread sin eolais orthu go dtí sin.

Tar éis breis is dhá mhí de sheoltaireacht dheacair tháinig an cabhlach chomh fada le cósta Thír Van Diemen (an Tasmáin) agus thug tamall i gcuan ar tugadh Entrecasteaux air sa bhliain 1792. Chuaigh La Billardière agus nádúraithe eile amach ag féachaint ar an tír. Rinne na Francaigh taiscéaladh ar iardheisceart na hAstráile agus ar an Nua-Shéalainn freisin, taiscéaladh ar bhain La Billardière agus a pháirtithe leas as chun samplaí geolaíocha, luibheolaíocha agus míoleolaíocha a bhailiú agus cuntas a thabhairt ar bhéasa agus ar theangacha Bhundúchasaigh na hAstráile.

Shroich an cabhlach oileán Iáva i Mí Dheireadh Fómhair 1793 tar éis dó a cheannaire agus ocht bhfear is ceithre fichid den fhoireann a chailleadh. Thosaigh na cogaí réabhlóideacha idir an dá linn, agus dá bhrí sin ghabh na hOllannaigh na Francaigh agus cuireadh bailiúcháin La Billardière chun na Breataine.

Coinníodh La Billardière i Samarang agus sa Bhatáiv, agus níor scaoileadh saor é go dtí 29 Márta 1795. Bhain sé amach Île de France, ach bhí breis is ceithre mhíle planda caillte aige agus gan eolas ar bith ar dhá thrian acu go dtí sin. Ach cuireadh ar ais chun na Fraince iad, a bhuíochas sin ar an Ridire Joseph Banks.

Sa bhaile arís[athraigh | edit source]

D’fhill La Billardière ar Pháras sa bhliain 1796 agus chrom sé ar an ábhar go léir a chur in ord agus in eagar agus ar chuntas air a fhoilsiú.

Nuair a bhí Napoléon Bonaparte ar fheachtas san Iodáil (1796-1797) cuireadh La Billardière ann mar bhall de Choimisiún na nEolaíochtaí agus na nEalaíon chun cur le bailiúcháin na n-iarsmalanna náisiúnta.

D’fhoilsigh sé cuntas ar a thuras chun na hAigéine (Relation du voyage à la recherche de La Pérouse, 1799), leabhar a raibh an-ráchairt air san Eoraip, agus rinneadh ball d’Acadamh na nEolaíochtaí de as bhliain 1800. Idir na blianta 1800 agus 1806 d’fhoilsigh sé Novae Hollandiae plantarum specimen, mionchuntas ar fhlóra na hAstráile.

Tréithe an fhir[athraigh | edit source]

Duine borb ba ea La Billardière[4] agus é thar a bheith ceanndána[5]. Os a choinne sin, dúradh go raibh sé an-fhial.[6] Bhí ainm an ionracais air maidir le hairgead[7] ach cáineadh é as samplaí nár bhailigh sé a úsáid gan admháil. Fear láidir ionnúsach éirimiúil ba ea é agus an-ghreim aige ar theangacha. Bhí a chuid Laidine gan locht. Ó thaobh na polaitíochta de, ba phoblachtach diongbháilte é.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Duyker (2003) lgh 23–24.
  2. Duyker (2003) lgh 25–31.
  3. Duyker (2003) lgh 37–51.
  4. Duyker (2003), lch 3.
  5. Carr & Carr (1981), lch 79.
  6. Duyker (2003), lch 24.
  7. Carr & Carr (1981), lch 80.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Duyker, Edward Duyker, Citizen Labillardière: A Naturalist’s Life in Revolution and Exploration (1755—1834), Miegunyah/Melbourne University Press, Melbourne, 2003, ISBN 0-522-85010-3, athchló le clúdach bog, 2004, ISBN 0-522-85160-6.
  • Carr, S. G. M. and Carr, D. J. (1981) ‘A charmed life: The collections of Labillardière,’ lgh 79–15, People and plants in Australia, Carr, D. J. agus Carr, S. G. M. (eag.), Sydney, Academic Press ISBN 0-12-160720-8