J. K. Rowling

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Joanne Rowling
Jk-rowling-crop.JPG
Dáta breithe 31 Iúil, 1965
  Gloucestershire, Sasana
Ainm cleite J.K. Rowling
Náisiúntacht Sasanach
Gairm Úrscéalaí
Seánra Fantaisíocht
Suíomh gréasáin

Is údar Briotanach ficsin í Joanne Rowling (31 Iúil 1965 a rugadh í), a thugtar J.K. Rowling uirthi don chuid is mó. Tá clú agus cáil ar Rowling mar gheall ar an sraith Harry Potter atá scríofa aici. Tá aird idirnáisiúnta dírithe ar na leabhair agus tá neart duaiseanna bainte acu ar fud fad an domhain. I Mí na Feabhra 2004, mheas an t-irisleabhar Forbes gur fiú £576 milliún (€868 milliún) a maoin. Is í Rowling an bhean is saibhre sa Ríocht Aontaithe, i bhfad níos saibhre arís ná Banríon Eilís II.

Tús a Saoil[athraigh | edit source]

Bhuail tuismitheoirí Rowling lena chéile ar traein ó King's Cross go hAlbain. Diagnóisíodh a máthair le scléaróis iolrach agus í 15 bliana d'aois, agus fuair sí bás sna 1990í luatha. Tá deirfiúr ag Rowling chomh maith, darb ainm Diana, dhá bhliain níos óige ná í, atá ina dlídóir anois.

D'aistrigh teaghlach Joanne dhá uair agus í ag fás aníos, ar dtús go Winterboure i mBriotol agus ansin go Tutshill in aice le Chepstow. D'fhreastail sí ar mheánschoil Wyedean Comprehensive, áit a d'insíodh sí scéalta dá chomhscoláirí. Rinne sí staidéar ar an Fhraincis ar Ollscoil Exeter, agus bliain á caitheamh aici i bPáras mar chuid dá cúrsa ollscoile. I ndiaidh di an ollscoil a chríochú, d'aistrigh sí go Londain agus chuir sí chun oibre le hAmnesty International mar taighdeoir agus rúnaí dátheangach. Is le linn na haimsire seo, idir turas traenach ceithre-uaire idir King's Cross agus Albain, a cheap sé ar an smaoineamh faoi ghasúr a mbíonn ag freastal ar scoil draídóireachta. Dar léi, faoin am a bhain sí a ceann scríbe amach, bhí na carachtair agus cuid mhaith den scéal do Harry Potter and the Philospher's Stone ar intinn aici. Thosaigh sí ag obair ar an sceál ar a huaireanta lóin.

Ina dhiaidh sin, d'aistrigh Rowling go hOporto sa Phortaingéil, chun Béarla a theagasc mar dhara teanga. Nuair a bhí sí ansin, phós sí le hiriseoir teilifíse Portaingéalach, Jorge Arantes, ar 16 Deireadh Fómhair 1992. Bhí páiste amháin acu, iníon a tugadh Jessica Rowling Arantes (27 Iúil 1993 a rugadh í) uirthi, roimh a gcolscaradh sa bhliain 1995. I ndiaidh an cholscartha, d'aistrigh sí go Dún Éideann lena híníon, agus é ar intinn aici cur fúithí lena deirfiúr. Chuir sí críoch leis an úrscéal, agus í dífhosaithe agus ag maireachtáil ar leas sóisialta. Rinne sí cuid den obair i gcaife i nDún Éideann ó tharla nach raibh teas sa teach aici.

Harry Potter[athraigh | edit source]

Mhol foilsitheoir Rowling, Bloomsbury di chun inisealacha a úsáid ar chlúdaigh na leabhar Harry Potter mar smaoinigh siad go mbeadh drogall ar ghasúir na leabhair a cheannach dá mbeadh a fhios acu gur bhean a scríobh iad. Shocraigh Rowling chun ainm láir a shéanmháthar, Kathleen, a roghnú.

D'éirigh go geal le Harry Potter and the Philospher's Stone, agus tá ceithre leabhar eile foilsithe aici sa sraith Harry Potter go dtí seo. Aistríodh é ina céadta teanga, Gaeilge ina measc siúd. Ar 4 Deireadh Fómhair 2004, foilsíodh Harry Potter agus an Órchloch (Máire Nic Mhaoláin a d'aistrigh). Rinne díolachán na leabhar milliúnaí de Rowling, agus i 2001, cheannaigh sí mainteach macnasach, Killiechassie House, ar bhruach na hAbhainn Tay i bPerthshire, Albain, áit a phos sí a dara fear céile, Dr. Neil Murray, ar 26 Mí na Nollag 2001.

Táthar ag súil le seacht leabhar sa sraith Harry Potter, ceann acu le haghaidh gach bliana a chaitheann Harry ar scoil. Tá cúigear acu siúd foilsithe cheana féin. Cuireadh moill ar an cúigiú leabhar, darb ainm Harry Potter and the Order of the Phoenix mar gheall ar chúis bradaíle ón údar Nacy Stouffer. Ghlac Rowling sos ón scríbhneoireacht ag an am sin, mar mhothaigh sí go raibh barraíocht le déanamh aici agus í ag scríobh an cheathrú leabhair. I ndiaidh di insint dá bhfoilsitheoir an spriocdáta a chur siar, chaith sí trí bhliana ag obair ar rud éigin, dar léi, agus go bhfuil seans ann go bhfillfidh sí air nuair atá sí réidh leis an sraith Harry Potter. Cuireadh an cúigiú leabhar amach ar an 21 Meitheamh 2003.

Na leabhartha sa tsraith Harry Potter[athraigh | edit source]

  1. Harry Potter agus an Órchloch (26 Meitheamh, 1997]
  2. Harry Potter agus an Seomra Diamhair (2 Iúil, 1998)
  3. Harry Potter agus Príosúnach Azkaban (8 Deireadh Fómhair, 1999)
  4. Harry Potter agus Cuach na Lasracha (8 Iúil, 2000)
  5. Harry Potter agus Ord an Fhéinics (21 Meitheamh, 2003)
  6. Harry Potter agus an Prionsa Leathfhola (16 Iúil, 2005)
  7. Harry Potter agus Taisí an Bháis (21 Iúil, 2007)

Leabhair bainteacha le Harry Potter[athraigh | edit source]

Chuaigh an t-airgead a fuarthas ón dá leabhar deireanach seo chun sochair do Comic Relief. Is téacsleabhar é Fantastic Beasts and Where to Find Them agus is dócha gurb é Quidditch Through the Ages an leabhar is cáiliúla sa leabharlann i Hogwarts. Tá nótaí lámhscríofa ar imeall an leathanaigh, agus tá réamhrá le hAlbus Dumbledore ag tús an leabhair. Tá airgead agus tacaíocht tugtha ag Rowling chomh maith do chúiseanna eile eagsúla, go háirithe taighde maidir le scléaróis iolrach, rud a fuair a mháthair bás de i 1990. Tá tionchar mór aige sin ar a scríbhneoireacht, dar le Rowling.

Scannáin Harry Potter[athraigh | edit source]

Cuireadh leagan scannáin de Harry Potter and the Philospher's Stone amach i 2001 agus Harry Potter and the Chamber of Secrets sa bhliain 2002. Tá Cúla 4, roinn na bpáistí den stáisiúin Éireannach TG4 ag cur amach leagan Gaeilge den dara scannán - Harry Potter agus an Seomra Diamhair) a thabharfar air.

Bhí atmaisféar níos dorcha sa tríú scannán Harry Potter and the Prisoner of Azkaban mar gheall ar an stiúrthóir nua, Alfonso Cuarón. Thaitin saothar Chuaróin le Rowling roimh an triú scannán agus deir sí gurb é an triú scannán an ceann ab ansa léi.

Chuaigh Rowling in éadán dhéantóirí na scannán nuair a dúirt siad gur chóir go dtaifeadfaí é sna Stáit Aontaithe agus aisteoirí Meiriceánacha bheith páirteach sna scannáin (ní raibh ach aon Mheiriceánach amháin sa chéad scannán). D'aontaigh sí go drogallach chun Philospher's Stone (órchloch) a athrú chuig Sorcerer's Stone, ach dúirt sí gur san Stáit Aontaithe amháin a ligfeadh sí é. Is mar gheall air go ndúirt Rowling go gcaithfidh na príomhaisteoirí bheith ina mBriotanaigh, nach ndearna Steven Spielberg na scannáin.

Tugann Rowling cuidiú le Steve Kloves, a scríobhann na scripteanna do na scannáin, chun cinnte a dhéanamh de nach gcuirfeadh rud ar bith a scríobhann sé isteach ar an chuid eile de na leabhair. Dar léi, tá a thuilleadh ar eolas aige faoi na leabhair le teacht, ná duine ar bith eile, ach níl a fhios aige gach rud. Dúirt sí chomh maith gur inis sí rúin áirithe do Alan Rickman agus Robbie Coltrane faoina gcarachtar nár tháinig chun solais sna leabhair go fóill.

Clann agus Céile[athraigh | edit source]

Phós Rowling agus Dr. Neil Murray (ainéistéisí) ag teach s'acu féín ar 26 Mí na Nollag, 2001. Ar 23 Márta, 2003, rugadh dara páiste do Rowling, gasúr ar a thug sí David Gordon Rowling Murray. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar 23 Eanáir, 2005 rugadh an dara páiste de Dr. Murray do Rowling. Tugadh Mackenzie Jean Rowling Murray ar an leanbh.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]