J. D. Salinger
| J. D. Salinger | |
| Dáta breithe | 1 Eanáir, 1919 |
| Manhattan, NY, SAM | |
| Dáta báis | 27 Eanáir, 2010 |
| Cornish, NH, SAM | |
| Gairm | Scríbhneoir |
| Céile | Claire Douglas |
| Síniú |
|
Scríbhneoir Meiriceánach ba ea Jerome David "J. D." Salinger (mar /ˈsælɪndʒər/ a fhuaimítear an t-ainm; 1 Eanáir 1919 - 27 Eanáir 2010). Tógadh i Nua-Eabhrac é. Cúlra Giúdach a bhi aige. Ba de shliocht Polannach é ar thaobh a athar agus Albanach Éireannach ar thaobh a mháthar. (D'iompaigh sí seo ina Giúdach, rud nach raibh a fhios ag Salinger óg go raibh a bar mitzvah aige.)
Is de bharr a úrscéil The Catcher in the Rye, a foilsíodh sa bhliain 1951, chomh maith lena phearsantacht mhíshóisialta, is mó a bhfuil cáil air. Níl saothar bunaidh foilsithe aige ón mbliain 1965 i leith, agus ní dheachaigh sé faoi agallamh ón mbliain 1980. Deir cairde agus cuairteoirí, áfach, go raibh sé mar nós aige scríobh gach lá nach mór agus go bhfuil cúig shaothar déag críochnaithe aige i dtaisceán ina theach. Fuair Salinger bás in Cornish, New Hampshire de chúiseanna nadúrtha.
Tagairtí[athraigh]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |