Ivan Shishkin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Portráid de Shishkin le Ivan Kramskoy, 1880.

Ba phéintéir tírdhreacha Rúiseach é Ivan Ivanovich Shishkin (Rúisis: Иван Иванович Шишкин, 25 Eanáir, 1832 - 20 Márta, 1898) agus bhí dlúth-bhaint aige leis an ngluaiseacht Peredvizhniki.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh Shishkin in Yelabuga (Poblacht na Tatarstáine sa lá atá inniu ann), agus d'fhreastail sé ar choláiste i bpríomhchathair na Phoblachta, sé sin i gCasan (Rúisís: Каза́нь; Tatairis: Казан, Qazan). Ansin rinne sé staidéar in Ollscoil na Péintéireachta, Dealbhóireachta agus Ailtireachta Mhoscó (Rúisís: Московское училище живописи, ваяния и зодчества, МУЖВЗ), ar feadh 4 bliana, d'fhreastail sé ar an Acadamh Impiriúil na nEalaíon (Rúisís : Российская академия художеств), i gCathair Pheadair ó 1856-1860, agus bhain sé céim amach leis an gradam is airde agus bonn óir. Fuair sé an scoláireacht Impiriúil le haghaidh staidéir sa bhreis san Eoraip. Cúig bliana ina dhiaidh toghadh Shishkin ina bhall den Acadamh Impiriúil i i gCathair Pheadair agus bhí sé ina ollamh péintéireachta ó 1873-1898. Ag an am céanna, bhí sé i gceannas ar rang péinteála tírdhreacha ar an Ard-Scoil Ealaíne is fearr i gCathair Pheadair.