Ivan Bunin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ivan Alekseyevich Bunin
Buninturzhansky.jpg
Portráid le Leonard Turzhansky
Dáta breithe 22 Deireadh Fómhair, 1870
  Voronezh, Impireacht na Rúise
Dáta báis 8 Samhain, 1953
  Páras, an Fhrainc
Gairm Gearrscéalaí
Duaiseanna Duais Nobel (1933)

Scríbhneoir Rúiseach ab ea Ivan Alekseyevich Bunin (Rúisis: Иван Алексеевич Бунин, traslitriú scolártha: Ivan Alekseevič Bunin). Rugadh in Voronezh é ar an 10 Deireadh Fómhair 1870 de réir Fhéilire Iúil a bhí in úsáid sa Rúis san am, nó ar an 22 Deireadh Fómhair de réir Fhéilire Ghréagóra.[1] Fuair sé bás i bPáras ar an 8 Samhain 1953. Bhain sé amach Duais Nobel sa litríocht roimh aon Rúiseach eile, sa bhliain 1933. Scríobhadh sé dánta chomh maith, ach ba é an saothar próis a thabhaigh an duais dó. Scríbhneoir réadúil a bhí ann agus é ag tabhairt cur síos ar shaol na tuaithe sa Rúis roimh Réabhlóid Dheireadh Fómhair; bhí sé go tréan in aghaidh na réabhlóide agus an Chumannachais.

A Shaol[athraigh | edit source]

Óige[athraigh | edit source]

Uaisle ab ea muintir Bunin, ach ní raibh an saol ag éirí go rómhaith leo a thuilleadh nuair a tháinig Ivan óg ar an bhfód. Oifigeach airm ab ea a athair nach raibh ina fhear shaibhir ná shócúlach, agus chaith Ivan laethanta a chéad óige ar a raibh fágtha de thailte na treibhe in aice le Oryol i lár na Rúise. Bhí cead aige freastal ar ranganna meánscoile ar feadh ceithre bliana ó 1881 anuas, ach ina dhiaidh sin, b'éigean dó éirí as an scoil agus leor a ghabháil lena dheartháir féin mar mhúinteoir. Sa bhliain 1887 chuaigh an chéad dán leis i gcló ar an iris úd Rodina i gCathair Pheadair. Dhá bhliain ina dhiaidh sin d'aistrigh seisean agus a dheartháir go dtí Khar'kov (inniu: Khar'kiv san Úcráin), ó fuair an deartháir post ansin.

San am seo, shaothraigh Ivan óg a chuid ag leabharlannaíocht agus ag iriseoireacht don nuachtán áitiúil in Oryol.[1] Ba é an nuachtán seo a chuir i gcló na chéad ghearrscéalta a tháinig ó pheann an scríbhneora sa bhliain 1891. Phós sé Varvara Pashchenko sa bhliain chéanna, agus chuaigh an lánúin go Poltava sa bhliain a bhí chugainn. Fuair Bunin post ansin ina státseirbhíseach. Faoin am seo a d'fhoilsigh sé an chéad díolaim filíochta, Stikhotvoryeniya 1887-1891 ("Dánta 1887-1891"), ach ní bhfuair an leabhar mórán fáilte ná soichill ó na léirmheastóirí go fóill, ó bhí siad den bharúil nach raibh Bunin tagtha i gcrann mar fhile go fóill.

1893-1917[athraigh | edit source]

Bhí Bunin féin inbharúla nár thosaigh a ghairmréim scríbhneoireachta i gceart ach leis an ngearrscéal úd Tanka, a foilsíodh sa bhliain 1893 san iris Russkoye bogatstvo ("Saibhreas na Rúise"). Cor eile i gcinniúint an fhile ab ea é go bhfuair sé colscaradh óna bhean chéile sa bhliain 1895. Ina dhiaidh sin, d'fhág sé slán ag an saol a bhí aige i bPoltava agus chuir sé faoi i Moscó. Fuair sé aithne ar scríbhneoirí móra na linne: Lev Tolstoy, Anton Chekhov, Fyodor Sologub, Konstantin Balmont agus Valyeriy Bryusov. Phós sé bean darbh ainm Anna Tsakni. Gréagach a bhí in Anna, nó rinne a hathair imirce ón nGréig go dtí an Rúis. Ní raibh mórán teacht aniar sa dara pósadh seo ach an oiread, nó faoi chasadh an chéid, fuair Bunin dealú ó Anna chomh maith. Rugadh aon mhac amháin dóibh, Nikolay (Kolya), ach ní raibh fad saoil i ndán don bhuachaill, nó cailleadh sa bhliain 1905 é, nuair nach raibh ann ach tachrán beag.

Ón mbliain 1895 ar aghaidh bhí Bunin ag taisteal ar fud na hÚcráine, agus é ag tabhairt cuairteanna ar Odessa agus ar an gCrimé. Sa tréimhse seo, bhí sé ag scríobh litreacha chuig Anton Chekhov. Sa bhliain 1899, d'éirigh sé cairdiúil le Maksim Gor'kiy chomh maith.[2] Sa bhliain 1900, tháinig an gearrscéal úd Antonovskiye yabloki ("Na hÚlla Antonovka") i gcló, agus ba é an scéal seo a tharraing súil na Rúise liteartha ar Bunin i gceart, nó is cur síos fileata é ar shaol na tuaithe sa tsean-Rúis, a cuireadh i gcló ina lán leabhar léitheoireachta Rúisise ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1901, foilsíodh an díolaim dánta úd Listopad ("Titim na nDuilleog"), agus sna blianta 1902-1909, chuir an teach foilsitheoireachta úd Znaniye saothar iomlán an fhile i gcló i gcúig imleabhar.

Bhí Bunin tar éis Béarla a fhoghlaim as a stuaim féin - is fánach duine a raibh Béarla aige sa Rúis san am, ós rud é gurbh í an Fhraincis a bhí á saothrú thar aon teanga iasachta eile ansin, go traidisiúnta. Sa bhliain 1896, chuir Bunin Rúisis ar The Song of Hiawatha, mórshaothar an fhile Mheiriceánaigh Henry Wadsworth Longfellow, chomh maith lena lán dánta Béarla eile. D'aistrigh sé Byron agus Tennyson go Rúisis, mar shampla. Thuill a chuid filíochta - idir bhunsaothair agus aistriúcháin - Duais Pushkin dó, is é sin, duais filíochta Acadamh na Rúise. Sa bhliain 1909, bronnadh an duais air in athuair, agus rinne an tAcadamh comhalta oinigh de.

Nuair a bhí glacadh le Bunin mar dhuine de scríbhneoirí móra a linne sa Rúis, chuaigh sé ag taisteal amuigh sa domhan ar lorg imprisean. Roimh an gCéad Chogadh Domhanda, chuaigh sé ar cuairt go dtí tíortha an Mheán-Oirthir, an Éigipt, Tuaisceart na hAfraice, an Phalaistín, fiú an India agus an tSiolóin (inniu: Srí Lanca). Chaith sé tréimhsí fada ar Oileán Capri san Iodáil sna blianta 1912-14, agus bhí caidreamh aige le fear eile a thíre is a cheirde, Maksim Gor'kiy. Phós sé Vera Muromtseva (1881-1961) sa bhliain 1906, agus i ndiaidh a bháis, scríobh sise saothair thábhachtacha beathaisnéise faoin scríbhneoir.

Bunin sa bhliain 1937

Nuair a tháinig sé chun aibíochta mar scríbhneoir, chum Bunin roinnt scéalta faoi théama "chinniúint na Rúise" agus faoin meath a tháinig ar shaol traidisiúnta na tuaithe sa Rúis, cosúil leis an ngearrscéal Dyeryevnya ("An Sráidbhaile") a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1910, nó sna scéalta sa díolaim úd Sukhodol. Bhí Bunin den tuairim go raibh an tsean-Rúis ag druidim chun deiridh agus, fiú, tubaiste mhór leis an Rúis a chur de dhroim an domhain, agus mhéadaigh réabhlóid na bliana 1905 agus tús an chéad chogaidh dhomhanda ar an eagla seo.

Ar deoraíocht[athraigh | edit source]

I ndiaidh réabhlóid Dheireadh Fómhair sa bhliain 1917, thréig Bunin Moscó. Ar dtús chuaigh sé go hOdessa, ach bliain ina dhiaidh sin thug sé a aghaidh ar an bhFrainc. Shocraigh sé síos i nGrasse, i ndeisceart na Fraince i gcóngar do theorainn na hIodáile. Ó bhí sé ar an bhfile deireanach de ghlúin na gclasaiceach, d'fhear na heisimircigh Rúiseacha san Fhrainc fíorchaoin fáilte roimhe. Na saothair a d'fhoilsigh sé san am, bhí siad ar coipeadh le teann fuatha don réabhlóid, don Chumannachas agus don Aontas Shóivéadach, go háirithe an dialann a scríobh sé faoi laethanta na réabhlóide - Okayannýye dni - "Laethanta Damanta". Is é an breithiúnas a thug sé ar an rialtas Boilséiveach nach raibh ann ach "gailearaí samhnasach de bhithiúnaigh".

Sna 1930idí, scríobh Bunin dhá imleabhar den tríológ dhírbheathaisnéiseach a bhí sé a bheartú, Zhizn' Arsyenyeva ("Saol Arsenyev") agus Lika. Níor chríochnaigh sé an tríológ riamh, ach ní ba deireanaí fós chum sé Tyomnýye allyeyi ("Na Caolsráideanna Dorcha"), sraith de ghearrscéalta anghrácha.

Bhí Bunin chomh tréan in aghaidh na Naitsithe agus an Stailíneachais, agus nuair a d'fhorghabh na Naitsithe an Fhrainc, thug Bunin dídean do scríbhneoir Giúdach beag beann ar an bpionós báis a bhí ag bagairt orthu siúd a dhéanfadh a leithéid.

Deireadh a shaoil[athraigh | edit source]

Ag druidim chun deiridh dá shaol, thosaigh dearcadh diúltach an scríbhneora ar an Aontas Sóivéadach ag athrú, agus é ag cur suime sa litríocht Shóivéadach. Thairis sin, bhí tnúthán an dúchais ag luí air, agus é tar éis an oiread sin blianta a chaitheamh ar an gcoigríoch. Ní raibh sé daite dó an chuairt dheireanach a thabhairt ar an Rúis, nó fuair sé bás le taom croí i bPáras nuair a bhí sé ag obair ar leabhar cuimhní cinn faoi Anton Chekhov. Tá sé adhlactha sa reilig Rúiseach i Sainte-Geneviève-des-Bois i ndeisceart Pháras.

Uaigh Bunin. Tabhair faoi deara go bhfuil scríbhinn na huaighe litrithe de réir scríbhneoireacht réamhréabhlóideach na teanga: Иванъ Алексѣевичъ Бунинъ seachas Иван Алексеевич Бунин.

Baineadh an chinsireacht dá chuid saothar san Aontas Sóivéadach nuair a bhí Nikita Khrushchev ag rialú na tíre.

Saothar[athraigh | edit source]

  • Антоновские яблоки (Antonovskiye yabloki/Na hÚlla Antonovka) 1900
  • Деревня (Dyeryevnya/An Sráidbhaile) 1910
  • Суходол (Sukhodol) 1912
  • Чаша жизни (Chasha zhizni/Cupán an tSaoil) 1913
  • Грамматика любви (Grammatika lyubvi/Gramadach an Ghrá) 1915
  • Господин из Сан-Франциско (Gospodin iz San-Frantsisko/An Fear Uasal ó San Francisco) 1922
  • Митина любовь (Mitina lyubov´/Grá Mitya) 1925
  • Жизнь Арсеньева (Zhizn´ Arsyenyeva/Saol Arsenyev) 1927/1939
  • Темные аллеи (Tyomnýye allyeyi/Na Cúlsráideanna Dorcha) 1943
  • О Чехове (O Chekhovye/Maidir le Chekhov) 1955
  • Первая любовь (Pyervaya lyubov´/An Chead-Searc)
  • Последнее свидание (Poslyednyeye svidaniye/An Slán go Deo)
  • Окаянные дни (Okayannýye dni/Na Laethanta Damanta)

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. 1.0 1.1 "Ivan Alekseyevich Bunin". Encyclopædia Britannica. Dáta rochtana: 13 Feabhra 2010.
  2. "Beathaisnéis". kirjasto.sci.fi. Dáta rochtana: 13 Feabhra 2010.

Naisc eile[athraigh | edit source]