Itamar Ben-Avi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaItamar Ben-Avi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(he) איתמר בן־אב"י
Beathaisnéis
Breith27 Iúil 1885
Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Aibreán 1943
57 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMount of Olives Jewish Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochta
Teanga dhúchaisAn Eabhrais Iosraelach
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, Easparantóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto, an Fhraincis, Béarla agus An Eabhrais
Teaghlach
CéileLeah Ben-Avi Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDrora Ben Avi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEliezer Ben-Yehuda  agus Devora Ben-Yehuda
SiblínDola Ben-Yehuda Wittmann
Duine muintearthaPhilip Langstaffe Ord Guy (sister's husband (en) Aistrigh)
Gil Hovav (garmhac) Cuir in eagar ar Wikidata

B'é Itamar Ben-Avi (31 Iúil, 1882 go 8 Aibreán, 1943) - céad mhac Eliezer Ben Yehúda. B'é Itamar Ben-Avi an chéad chainteoir dúchais Eabhraise le beagnach 2,000 bliain, de réir gach cosúlachta. Ainm eile a thugtar air ná Ben-Zion Ben-Yehúda. Rugadh é i gCathair na Sean-Iarúsailéime. Deborá a bhí ar a mháthair. Is ionann Itamar agus ainm an chrainn pailme, siombail an tSiónachais. Thosaigh sé ag baint feidhm as an leagan seo dá ainm i ndiaidh bhás a mháthar. Is ainm é a theastaigh uaithi a thabhairt air nuair a rugadh é ach ní raibh glacadh ag daoine timpeall uirthi leis mar ainm ag an am. Bhain sé feidhm as an ainm seo agus é i mbun chúrsaí liteartha go príomha. Níor labhair a thuismitheoirí ach Eabhrais leis ó lá go lá, rud fíor-neamhchoitianta san am sin, uathuil i ndairire. De réir sheanchas an teaghlaigh, níor labhair Itamar aon fhocal in aon teanga go dtí go raibh sé in aois a 4 bliana. Tá scéal ann gur chan a mháthair amhrán Rúisise leis tráth trí thimpiste nó trí dhearmad b'fhéidir agus nuair ba léir dá athair céard a tharla gur phléasc sé le fearg. Bhí tionchar mór ag an eachtra seo ar Itamar agus thosaigh sé ag caint ó shin amach.