Ispíneachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar an-trom, go minic marfach, a tharlaíonn de bharr ionghabháil na tocsaine nimhiúla a tháirgeann na baictéir Claustridium botulinum. Ceann de na bia-nimhithe is déine dá bhfuil ann, a chuireann isteach ar an néarchóras go bhforbraíonn pairilis is cliseadh riospráide go tapa. Faightear an tocsain seo i dtorthaí, feoil nó éisc atá neamhaigéadach, nach léiríonn aon mhilleadh ach nach ndearnadh dóthain cócaireachta orthu. Is féidir na baictéir a chealú ach cócaireacht ar feadh 10 nóiméad ag 80 °C a dhéanamh ar an mbia.