Isoroku Yamamoto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
山本 五十六 Isoroku Yamamoto

Ginearál-Marascal Cabhlaigh ba ea Isoroku Yamamoto (Seapáinis: 山本 五十六, Yamamoto Isoroku; 4 Aibreán, 1884 - 18 Aibreán, 1943). Bhí sé ina ardcheannasaí ar an gCabhlach Comhcheangailte sa Dara Cogadh Domhanda. Céimí de chuid Acadamh Chabhlaigh Impiriúil na Seapáine agus mac léinn de chuid Ollscoil Harvard (1919-1921) a bhí ann. Fearadh cathanna mar Pearl Harbour agus Midway faoina cheannas.