Irène Némirovsky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIrène Némirovsky

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ru) Ирина Леоновна Немировская
24 Feabhra 1903
Cív (Impireacht na Rúise)
Bás17 Lúnasa 1942
39 bliana d'aois
Campa Géibhinn Auschwitz (Gearmáin na Naitsithe)
Siocair bháisBás mínádúrtha (Tíofas agus fliú)
Áit adhlacthaCampa Géibhinn Auschwitz Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas agus Caitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheavenue Constant-Coquelin
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Páras Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1926 –  1942
Ainm cleitePierre Neyret
Denise Mérande
Charles Blancat Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
PáisteÉlisabeth Gille, Denise Epstein Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Íospartach Uileloscadh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0625965 Allocine: 496885 Allmovie: p801582
Musicbrainz: 2539002b-48b7-4c0f-a2d9-b3836ad0685d Discogs: 1526120 Find a Grave: 14413803 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí ba ea Irène Némirovsky (Ирина Леонидовна Немировская, Irina Leonidovna Nemirovskaïa), iníon le baincéir Rúiseach de bhunadh Giúdach

Saolaíodh Némirovsky ar an 24 Feabhra 1903 in Cív. Ba bheag an tsuim a chuir a máthair inti. Ní hamháin sin ach shéanadh sí gur léi í ó am go chéile, fiú, ar eagla go gceapfaí go raibh sí féin sean. Fuair sí bás ar 17 Lúnasa 1942.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B’in St.Petersburg na Rúise a chaith Irene an chéad chuid dá saol agus ba mháistreás Fhrancach a thóg í; dá bharr sin, labhair Irène Fraincis le cumas cainteora dhúchasaigh nó geall leis. Chomh maith le Fraincis, bhí Giúdais, Bascais, Fionlainnis, Polainnis agus Béarla ar a toil aici.

Bhí ar mhuintir Némirovsky teitheadh roimh réabhlóidithe na Rúise agus chaith siad an bhliain 1918 san Fhionlainn. D’aistrigh siad go dtí an Fhrainc go luath sa bhliain 1919 agus chuir siad fúthu i bPáras, áit ar fhreastal Irène ar an Sorbonne, ollscoil cháiliúil Pháras agus bhain sí céim litríochta amach, le gradam. B'ansin a chuir sí tús lena cuid scríbhneoireachta agus gan ach 18 mbliana slánaithe aici.

1919, Irène Némirovsky, un destin en images, Olivier Corpet (dir.), Paris, Denoël, 2010.

Shocraigh muintir Némirovsky síos go maith i bPáras agus chaith siad saol compordach meánaicmeach ann. Scríobh Irène chuig cara léi gur chaith sí a cuid ama ag dul ó chóisir go cóisir; ag ceann de na cóisirí sin chuir sí aithne ar Mhichel Epstein, baincéir Rúiseach. Phós sí Michel sa bhliain 1926 agus rugadh beirt iníonacha dóibh: Dénise a rugadh sa bhliain 1929 agus Elisabeth a rugadh sa bhliain 1937.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh a céad úrscéal, David Golder i 1929. Bhí rath láithreach ar an úrscéal, ina n-insítear faoi bhaincéir Giúdach nach féidir leis a iníon chráite a shásamh. Iompaíodh ina scannán é i 1930. Rinneadh scannán agus dráma dá céad úrscéal eile, Le Bal (1930), a bhfuil mar phríomhthéamaí aige iníon ar caitheadh go dona léi agus díoltas déagóra.

Faoin am a rugadh Elisabeth bhí naoi n-úrscéal foilsithe aici, agus an-aitheantas bainte amach aici i measc lucht na litríochta. D’aithin scríbhneoirí Giúdacha (mar shampla, Joseph Kessel) mar aon le scríbhneoirí frith-Sheimiteacha (mar shampla, Robert Brasillach) í mar údar den chéad scoth.

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí muintir Némirovsky ag iarraidh fanacht sa bhFrainc nuair a bhris an cogadh amach. Ach i ndiaidh sin is uile, níor tugadh an tsaoránacht a bhí á lorg aici sa bhliain 1939 di ná dá muintir.

Thug sí faoi phlean eile: cé gur rugadh agus tógadh mar Ghiúdach í, d’iompaigh sí féin agus a fear céile ar an gCaitliceachas agus baisteadh iad mar aon leis an mbeirt iníonacha go luath ar maidin an 2 Feabhra 1939. Scríobh sí ailt freisin do dhá iris fhrith-Sheimiteacha: Candide agus Gringaire, ag súil, is dócha, go bhféadfadh sí cúlra Giúdach an teaghlaigh a cheilt ar na húdaráis agus a gcuid féin a chosaint ar an ngéarleanúint a bhí á déanamh ar an bpobal Giúdach sa Fhrainc.

Eaglais, Issy-l'Évêque (Saône-et-Loire)

Le tús an chogaidh i mí Mheán Fómhair, thug Irène agus Michel a n-iníonacha go hIssy-l’Éveque, sráidbhaile dúchais an fheighlí a bhí acu, fad is d’fhan siadsan i bPáras. Tar éis a raibh fulaingthe acu agus caillte acu sa Rúis, bhí leisce orthu a n-áit chónaithe a chailliúint arís. Díreach sular shroich na Naitsithe Páras, áfach, theith Irène agus Michel go hIssy-l’Éveque.

D’éirigh cúrsaí an-deacair ina dhiaidh sin: Chonacthas iad mar Ghiúdaigh gan stát, in ainneoin an bhaiste; bhí ar Mhichel éirí as a phost sa bhanc; bhí cosc ar shaothair nár shaothar Airianach é, agus, mar sin, níor foilsíodh saothar Irène a thuilleadh; bhí orthu an suaitheantas buí, siombail na nGiúdach a chaitheamh. Tháinig dlíthe eile i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 1940 agus i mí an Mheithimh 1941 agus de réir na ndlíthe seo d’fhéadfaí Giúdaigh a chur faoi choinneáil ina dtithe féin nó iad a dhíbirt go sluachampaí géibhinn.

1928

In ainneoin na ndeacrachtaí seo go léir, lean an gnáthshaol ar aghaidh: rinne Dénise a Céad Chomaoineach, lean Irène ag scríobh agus d’éirigh léi cúpla gearrscéal a fhoilsiú faoi ainm cleite. Scríobh sí beathaisnéis Chekhov agus úrscéal eile, Les Feux de l’Automne, nár foilsíodh go 1957. Ach, an rud ba shuntasaí ná gur thosaigh sí ar Suite Française, úrscéal a bhí roinnte i gcúig chuid, nó nóibhille. An plean a bhí aici ná é a mhúnlú cosúil le sraith ceoil, agus an cúigiú siansa le Beethoven mar eiseamláir aici.

Ghabh póilíní na Fraince, a bhí ag feidhmiú faoi stiúir na nGearmánach, Irène Nemirovsky ar an 13 Iúil 1942 ag cur ina leith gur “dhuine gan stát de shliocht Giúdach í.” Agus í ag imeacht, ní dúirt sí lena hiníonacha ach: “Is ag dul ar thuras atá mé anois.” Scuabadh í go campa géibhinn i bPithiviers ar dtús agus ansin iompraíodh í mar aon le 928 Giúdach eile go hAuschwitz, áit ar shroich sí ar an 17 Iúil. De réir na gcáipéisí oifigiúla fuair sí bás den tífeas ar an 17 Lúnasa.

Drancy, traein inniu

Rinne Michel a sheacht ndícheall eolas a bhailiú fúithi, ach ní raibh tásc ná tuairisc uirthi. Scríobh sé chuig Philippe Pétain, Marascal agus ceannaire Vichy sa Fhrainc, ag míniú go raibh drochshláinte ag a bhean agus ag impí air eisean a chur ina háit. Mar fhreagra ar an impí seo, tháinig siad agus ghabh siad é. Cuireadh go Creusot, go Drancy agus as sin go hAuschwitz, díreach go dtí an seomra gáis é.

Auschwitz, bealach isteach

Athmhaisiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ar Irène Némirovsky anois de bharr an tsaothair Suite Française, saothar atá i bhfoirm dhá nóibhille, nár éirigh léi a chríochnú, de bharr na n-eachtraí a luadh thuas.

Léirítear saol na Fraince le linn na tréimhse ón 4 Meitheamh 1940 go dtí an 1 Iúil, 1941, an tréimhse chéanna ina raibh na Naitsithe i réim i bPáras. An rud is suntasaí faoin saothar seo ná gur scríobh sí é le linn na tréimhse sin ach nár dhialann nó tuairisc shimplí a bhí i gceist. Ní bheifeá ag súil leis an machnamh atá déanta aici ar na heachtraí a bhí ag titim amach go comhaimseartha, go háirithe nuair a chuirtear an méid a bhí á fhulaingt aici féin ag an am san áireamh.

Bhí an leabhar nótaí, ina raibh an lámhscríbhinn breactha síos ag Irène, coinnithe ag iníon Irène, Dénise, ar feadh caoga bliain agus í ag ceapadh gur dhialann a máthar a bhí ann agus go ngoillfeadh sé an iomarca uirthi í a léamh. Ag deireadh na nóchaidí, bheartaigh sí na cáipéisí a bhain lena máthair a bhronnadh ar chartlann Fhrancach agus sular thug sí ar aghaidh iad d’oscail sí an leabhar nótaí agus thuig sí céard a bhí ann. In ionad é a chur go dtí an chartlann, chuir sí chuig teach foilseacháin é. Nuair a foilsíodh é, shroich an nóibhille barr an liosta de na leabhair shárdhíola sa bhliain 2004, agus a ghnóthaigh an Duais Renaudot sa bhliain sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Suite française - Folio - Folio - GALLIMARD - Site Gallimard". www.gallimard.fr. Dáta rochtana: 2019-08-17.