Irène Joliot-Curie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i bPáras ab ea Irène Joliot-Curie (1897-1956). Iníon le Pierre is Marie Curie, pósta le Frédéric Joliot-Curie. Rinne sí comhthaighde leis ar radaighníomhaíocht. D'éirigh leo dúile nua a chruthú, obair a bhí bunúsach d'fhionnadh an neodróin ag James Chadwick. I 1935 roinn an bheirt Duais Nobel sa cheimic as dúile radaighníomhacha nua a shintéisiú. Leoicéime ba thrúig bháis di.