Iontaobhas ULTACH

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumman carthanachta is ea Iontaobhas ULTACH. An phríomhaidhm atá aige ná an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann. Tá a chuid oifigí suite ag 6-10 Sráid Liam, Ceathrú na hArdeaglaise, i gcathair Bhéal Feirste. Faoi láthair, is ó Fhoras na Gaeilge a thagann bun-mhaoiniú an Iontaobhais.

Trasphobal[athraigh | edit source]

Tá éiteas trasphobail ag an eagraíocht. Ceapann na baill gur chóir an Ghaeilge a chur chun tosaigh mar oidhreacht choiteann ag gach duine i dTuaisceart Éireann idir Náisiúnaithe agus Aontachtaithe.

Tá iarracht á dhéanamh ag an Iontaobhas na haidhmeanna seo a bhaint amach: ag plé le réamhchlaontaí diúltacha; ag iarraidh suim sa teanga a spreagadh ar fud an phobail; ag déanamh taighde ar thraidisiún na teanga i measc na bProtastúnach agus ag scaipeadh eolais ar an taighde seo; ag déanamh anailíse ar bhacanna ar bith a bheadh ar Aontachtaithe dul i dtreo na Gaeilge; agus ag soláthar deiseanna dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Bíonn an tIontaobhas ag iarraidh aird a tharraingt ar bhraithstintí na nAontachtaithe i measc an chuid sin den phobal náisiúnaíoch atá ag iarraidh fairsingeacht a fhágáil i ngluaiseacht na Gaeilge sa Tuaisceart do dhaoine a bhfuil dearcaithe eile acu.

Tá go leor oibre á dhéanamh ag Gordon McCoy maidir leis na freagrachtaí seo. Bíonn sé ag iarraidh na constaicí atá roimh Phrotastúnaigh agus aontachtaithe maidir leis an teanga a aithint agus straitéisí a fhorbairt chun déileáil leis na buarthaí, idir fhíor agus bhraite, a bhíonn ar fhoghlaimeoirí. Bíonn se ag iarraidh tuiscint a thabhairt do náisiúnaithe ar na fadhbanna a bhíonn ag go leor foghlaimeoirí ó thraidisiúin aontachtach eile.

Bord[athraigh | edit source]

Iontaobhaithe: Ruairí Ó Bléine, Bill Boyd, Réamonn Ó Ciaráin, Seán Ó Coinn, Déaglán Ó Doibhlín, Robin Glendinning, Risteard Mac Gabhann, Joyce Gibson, Sue Pentel, Barry Kinghan, Orla Nig Ruairí.

Foireann[athraigh | edit source]

  • Aodán Mac Póilin, Stiúrthóir
  • Róise Ní Bhaoill, Leas-Stiúrthóir
  • Gordon McCoy, Oifigeach Forbartha
  • Dáithí Mac Cába, Rúnaí.

Stiúrthóir[athraigh | edit source]

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh Aodán Mac Póilin i mBéal Feirste, agus tá sé ina chónaí i nGaeltacht Bhéal Feirste. D'fhreastal sé ar Ollscoil Uladh agus bhain sé bunchéim agus M.Phil sa Léann Éireannach amach. Iar-mhúinteoir atá ann.

Eagraíochtaí[athraigh | edit source]

Ghlac sé post mar Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach sa bhliain 1990. Dar le beo.ie, "Bhí an dearg-ghráin ag go leor de náisiúnaithe na sé chontae ar an eagras [Iontaobhas Ultach] sna nóchaidí de bhrí gurbh é rialtas na Breataine a chuir maoiniú ar fáil dó ag an am agus chaith go leor acu go suarach leis an té a bhí agus atá i gceannas air, an Béal Feirsteach Aodán Mac Póilín."[1] Deir Risteard Mac Gabhann go raibh "cluiche an-chontúirteach á imirt acu" maidir le Mac Póilin, agus "Bhí clúmhilleadh ar siúl ag cuid de na colúnaithe a bhí ag scríobh ina éadan. Ag an am, bhí go leor gealt ag dul thart a d’amharcfadh air seo agus b’fhéidir a ghlacfadh treoir uaidh agus a dhéanfadh dochar d’Aidan. Sin an eagla is mó a bhí air. Bhí seisean ag siúl thart fá na ceantair seo i rith ama sin, bhí sé ina chónaí i gceartlár Bhaile Andarsan.”[2]

Bhí Mac Póilin gníomhach sa Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana agus i gComhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann, agus bhí sé mar Chathaoirleach ar an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart Éireann. Ba bhall boird le Foras na Gaeilge, Colm Cille, agus Comhairle Craoltóireachta Thuaisceart Éireann é. Tá sé ina bball boird é le Cultúir na hÉireann, Comhairle na Gaelscolaíochta, agus Aonad Seamus Heaney, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, faoi láthair.

Maíonn sé go bhfuil buntáiste le fáil ag aontachtaithe an Tuaiscirt má chuireann siad béim ar an mbaint leis an tír as ar tháinig cuid mhaihh dá muintir.[3] Bunaíodh an Preispitéireachas, an creideamh Protastúnach is mó i dTuaisceart Éireann, in Albain – agus dar leis, ofrálann an tír sin féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach, rud a mheallfadh aontachtaithe a mhothaíonn deighilt idir iad féin agus Westminster.[4]

Saothair[athraigh | edit source]

Tá altanna scríofa agus léachtanna tugtha ag Mac Póilin ar go leor ábhar a bhaineann le cúrsaí cultúir, litríochta agus teanga. Bhí Mac Póilin mar eagarthóir ar na leabhair seo leanas: Styles of Belonging: the cultural identities of Ulster (1992), Ruined Pages, New Selected Poems of Padraic Fiacc (1994), The Irish Language in Northern Ireland (1997). Ba bhall de phainéal eagarthóireachta Leabhar Mór na Gaeilge (2002) é.[5]

Leas-Stiúrthóir[athraigh | edit source]

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh Róise Ní Bhaoill i nGaeltacht Chontae Dhún na nGall. Mac léinn ba ea í i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin bhain sí MA sa bhainistíocht chultúrtha amach in Ollscoil Uladh.

Eagraíochtaí[athraigh | edit source]

Thosaigh sí ag obair le hIontaobhas ULTACH sa bhliain 1990 agus is í an Leas-Stiúrthóir í anois. Ball boird de chuid Dhaonmusaem Uladh agus Choimisiún Raidió na Gaeltachta ba ea í. Ball boird de Ghrúpa Oibre Chultúir agus Féiniúlachta a bhunaigh Choimisiún Cearta Daonna Thuaisceart Éireann, agus de dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann ba ea í freisin. Ba rúnaí í ar Choiste Thuaisceart Éireann agus ar Choiste na Ríochta Aontaithe den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana. Ba bhall boird de chuid Cholm Cille í freisin.

Ball boird d'Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus den Chiste Craoltóireachta Gaeilge is ea í. Ba bhall í de Choiste Fhorbartha Pholasaí an Chomhairle Chaidrimh Phobail agus de Phainéal Comhairleach de chuid Chomhairle Ealaíona Thuaisceart Éireann.

Saothair[athraigh | edit source]

Bhí Ní Bhaoill mar chomh-eagarthóir ar Gaelic-Medium Education Provision: Northern Ireland, The Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (2003) agus scríobh sí The Irish Language in Education in Northern Ireland (2004). Scríobhann sí féin agus Gordon McCoy “Taisce Focal”, alt d'fhoghlaimeoirí ar an iris líonláithreáin Beo!. Sa tsraith seo, cuireann siad focail agus cora cainte i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ar eolas ag go leor de lucht foghlamtha na teanga. Scríobhann siad faoi théama faoi leith gach mí.[6]

Oifigeach Forbartha[athraigh | edit source]

Saol[athraigh | edit source]

As Tamhnaigh Naomh i gContae an Dúin dó. Tá céim bainte amach aige sa Cheiltis agus san Antraipeolaíocht Sóisialta agus sa bhliain 1997 bhronn Ollscoil na Ríona dochtúireacht air dá thráchtas ar Phrotastúnaigh a d'fhoghlaim Gaeilge.

Eagraíochtaí[athraigh | edit source]

Ball de dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann (an Grúpa Comhairle Éagsúlachta Cultúir agus an Grúpa Comhairle Taighde agus Acmhainn) ba ea é. Comhalta ar Fhoras na Gaeilge ba ea é. Is ball den choiste atá i mbun athbhreithnithe ar pholasaí trasphobal an Roinn Oideachais é. Thosaigh sé ag obair le hIontaobhas ULTACH sa bhliain 1997 agus is é an t-oifigeach forbartha é.

Saothair[athraigh | edit source]

Bhí McCoy mar chomh-eagarthóir ar Aithne na nGael/Gaelic Identities (2000), a chuireann traidisiún na Gaeilge in Éirinn agus in Albain i gcomparáid le chéile. Is iomaí alt atá scríofa aige d’irisí léannta ar ghnéithe de ghluaiseacht na teanga agus ar fhoghlaimeoirí Protastúnacha na teanga, agus foilsíonn sé altanna ar théamaí a bhaineann le polaitíocht agus cultúr. Scríobhann sé féin agus Róise Ní Bhaoill “Taisce Focal”, alt d'fhoghlaimeoirí ar an iris líonláithreáin Beo!. Sa tsraith seo, cuireann siad focail agus cora cainte i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ar eolas ag go leor de lucht foghlamtha na teanga. Scríobhann siad faoi théama faoi leith gach mí.[7]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]