Ionsamhlóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is ionsamhlóir[1] ann ná gaireas meicniúil, leictrimeicniúil nó ríomhaire chun samhlú réalaíoch d'eachtra nó córas a tháirgeadh. Baintear feidhm as a leithéid go minic nuair a bhíonn an fíor-rud an-chostasach nó doshroichte, chun oibrithe (i monarcha, córas leictreachais, traein, eitleán is eile) a thraenáil go sábháilte. In insamhlóir eitleáin, déantar na freagairtí optúla is meicniúla a atáirgeadh le grafaic ríomhaire is gluaiseachtaí, agus creathanna an bhord eitilte insamhlaithe. Sa chás céanna, is féidir ríomhairí a úsáid chun feiniméin i bhfad níos casta a insamhlú, le han-chuid athróg, cosúil le imshruthluithe san atmaisféar is aimsir chlamparach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “ionsamhlóir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-12-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ionsamhlóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.