Ionoirfiní is einceifealainí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa comhdhúl a ghintear san inchinn, codlaitínigh cosúil le moirfín. Tá dhá einceifealain (Béarla: enkephalin) ar eolas, agus go leor ionoirfiní. Meastar gur pianmhúcháin iad go léir agus go bhfeidhmíonn siad i rialú mothú péine. D'éirigh leis an néareolaí John Hughes (1942-), ag obair leis an gcógaseolaí Hans Walter Kosterlitz (1903-1996) sa Bhreatain, ionoirfiní a aonrú is a íonghlanadh i 1975. Bhí a fhios roimhe sin go bhfeidhmíonn na drugaí codlaitíneacha moirfín is hearóin ar chiorcaid nó córais ar leith san inchinn. Braitheadh go gcuireann codlaitínigh nádúrtha na colainne féin isteach ar na ciorcaid chéanna. Ina dhiaidh sin fuarthas na heinceifealainí ar fud an chórais néarógaigh ina bhfeidhmíonn siad mar néaratharchuradóirí, agus na hionoirfiní sa bhfaireog phiotútach mar a bhfeidhmíonn siad mar hormóin. Meastar go spreagann snáthaidpholladh táirgeadh na gcomhdhúl seo ionas go múchann siad pian. Ceaptar go saorann aclaíocht dhian na hábhair seo freisin, ionas gur féidir leis an lúthchleasaí an pianbhac a shárú agus staid bhogtha mheidhréiseach a bhaint amach. Meastar go bhfuil baint ag na hionoirfiní is na heinceifealainí le feidhmiú na lárionad aoibhnis san inchinn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iondoirfíní is einceifilíní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 376.