Ionad Siopadóireachta Cois Coille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ionad Siopadóireachta Cois Coille
Íomhá
Sonraí
CineálSiopalann
Map
 54°33′49″N 5°54′33″W / 54.5636°N 5.9092°W / 54.5636; -5.9092
Suíomh gréasáin oifigiúilforestside.co.uk

Ionad Siopadóireachta Cois Coille (nó Forestside i mBéarla) suite i ndeisceart chathair Bhéal Feirste i gContae an Dúin. Tógadh an foirgneamh i lár na 1990idí, agus osclaíodh go hoifigiúil den chéad uair i Márta na bliana 1997 é.

Ag an am, níor samhlaíodh go mbeadh sé chomh gnóthach is atá anois. Tá an ceantar thart timpeall air buailte go dona le trácht, go mór mór ag an Nollaig. Cuireann sé le fadhbanna tráchta ar an Bhóthar Ormeau agus ar sheachbhóthar Bhéal Feirste. Bhí ar an rialtas agus ar Sainsbury's (an siopa is mó sa mhór-ionad) neart airgid a chaitheamh, chun an ceangal A24/A55 a fheabhsú, mar chuid den chead pleanála.

Pléascadh buama san ionad ag deireadh na 90aidí, buama de chuid na bpoblachtach. Ní mharaigh sé duine ar bith, ach rinne sé dochar ollmhór don ionad agus don gheilleagar áitiúil. Tá an t-ionad suite os comhair cheanncheathrú Chomhairle Bhuirg an Chaisleáin Riabhaigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]