Intleacht shaorga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córais ríomhaireachta ar féidir fadhbanna casta a réiteach, patrúin a aithint, agus comhairlí a chinneadh leo nach féidir a dhéanamh de ghnáth ach le hintleacht dhaonna, le hairíonna cosúil le foghlaim, asbheirt, imfhios is féincheartú. Is é a bhíonn i gceist ná aithris a dhéanamh le ríomhairí, an oiread agus is féidir, ar na próisis dhaonna intinne seo. Cuimsíonn an t-ábhar brainsí éagsúla den ríomheolaíocht: cibirnitic, córais bunaithe ar eolas, próiseáil teanga nádúrtha, aithint ghutha, aithint phatrún, is róbaitic, agus go dtí seo tá an-dul chun cinn déanta i gcórais shaineolacha. Cuirtear gach blúire den bhuneolas ar ábhar áirithe — airgeadas, míochaine, dlí nó eile — i gclár ríomhaire, agus cuirtear cláir leis sin chun socruithe áirithe a dhéanamh i gcásanna éagsúla.