Institiúid an Aoire Mhaith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaInstitiúid an Aoire Mhaith
Sonraí
Cineálsochaí na beatha aspalda Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2006
Bunaitheoir(í)Philippe Laguérie, Guillaume de Tanoüarn (en) Aistrigh, Paul Aulagnier (en) Aistrigh, Christophe Héry (en) Aistrigh agus Henri Forestier (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
GluaiseachtCaitliceachas traidisiúnaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Stiúrthóir/bainisteoirLuis Gabriel Barrero Zabaleta (en) Aistrigh (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáininstitutdubonpasteur.org Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireadh Institiúid an Aoire Mhaith (Laidin: Insitutum a Bono Pastore) ar bun i mBordeaux na Fraince ar 8 Meán Fómhair 2006. Mar sin féin, tá an comhphobal taobh thiar de níos sine fós. Caitheadh an tAthair Paul Aulagnier amach ó Chumann Naomh Pius X sa bhliain 2003 tar éis dó labhairt go poiblí i bhfabhar an athmhuintearas idir an Pápa agus traidisiúnaithe ó Dheoise Campos agus cruthú an Reachtas Aspalda Eoin Máire Vianney Naofa ann. Bhí an tAthair Aulagnier an-mhór leis an Ardeaspag Lefebvre (1905-1991) a chuir Cumann Naomh Pius X ar bun.

Sa bhliain 2004, labhair an tAthair Philippe Laguérie, sagart eile de chuid Chumann Naomh Pius X, amach i gcoinne polasaithe i gcliarscoileanna an Chumainn agus caitheadh amach as an gCumann é. D'fhan sé i mbun an teach a bhí aige i mBordeaux áfach agus tháinig roinnt sagart eile ón gCumann chuige. Tar éis dóibh socruithe a dhéanamh le hArd-deoise Bordeaux agus reachtas na hEaglaise Caitlicigh sa Róimh, bronnadh aitheantas ar an Institiúid nua. Tháinig roinnt sagart eile chucu agus anois tá tithe acu sa Bhrasaíl, sa tSile agus sa Cholóim.

Léann sagairt na hInstitiúide an tAifreann Laidineach amháin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]