Innealtóireacht rialúcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse innealtóireachta a phléann le rialú, mionathrú is treorú córas. Ní gá go mbeidh oibreoir daonna bainteach leis an gcóras. Déantar an rialú trí chórais lúbiata. Nuair a bhraitheann an córas seo earráid, tarchuireann sé an t-eolas ar ais don ionchur chun go ndéanfar ceartú. Córas aischothaithe a thugtar air seo. Baintear feidhm as seirbhimheicníochtaí chun feistí uathoibríocha rialúcháin a dhéanamh, le húsáid in ionstraimí tomhais, braiteoirí, aimplitheoirí agus aonaid cumhachta. Le forbairtí sa nanaitheicneolaíocht, is féidir braiteoirí is gníomhróirí a thógaíl as adaimh ar leith. San innealtóireacht bithleighis, baintear feidhm as ríoga leictreacha ó smaointe tarchurtha (ó néaróga) chun próisis sheachtracha, cosúil le géag shaorga, a rialú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Innealtóireacht rialúcháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.