Inneall Wankel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Inneall dócháin inmheánaigh, ainmnithe as a cheapadóir, an t-innealtóir Gearmánach Felix Wankel (1902-1988). Rothlaíonn an loine thart ar ais chothrománach i gcuas dócháin ar chruth ar leith, in ionad ascalaithe mar a tharlaíonn sa ghnáthinneall mar seo. An t-aon inneall den dearadh seo atá á olltáirgeadh le húsáid i ngluaisteáin. Ar dtús bhí deacrachtaí séalaithe is iontaofachta aige, agus chuige seo níl sé i bhfeidhm go han-fhorleathan.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Inneall Wankel". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 702.