Infreafhuaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eagair infreafhuaime sa Ghraonlainn

Is éard is infreafhuaim ann ná fuaimthonnta de mhinicíocht níos lú ná 20 Hz.[1][2] Ní féidir le duine na tonnta seo a aireachtáil leis na cluasa, ach is féidir iad a bhrath mar a bheadh brú ar an gcolainn má bhíonn an tonn dian go leor. Mar shampla, gineann pléascadh tonnta infreafhuaime (chomh maith le tonnta fíorfhuaime), agus déanann séideadh na gaoithe trí chrainn is thart ar fhoirgnimh mhóra an rud céanna. Tugtar infreasonaic ar staidéar na hinfreafhuaime.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “infrasound — Aistriúchán Gaeilge ar infrasound (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-03.
  2. “infrasound” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  3. Hussey, Matt (2011). "Infreafhuaim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 368.