Indíritheacht/eisdíritheacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarmaí síceolaíocha a bhíodh in úsáid tráth mar dhá rang scoite daoine. Meastar anois go bhfuil cuid mhaith gráduithe idir an dá fhoirceann. Duine atá go láidir eisdíritheach, bíonn sé caidriúil aerach, tugtha don scleondar, agus uaireanta ionsaitheach neamh-mhuiníneach teasaí. Duine atá go láidir indíritheach, bíonn sé ciúin dúnárasach, gan an oiread sin cairde, ní maith leis an scleondar, agus bíonn sé muiníneach stuama, claonta don bheatha dhea-eagraithe. Táthar ann a mheasann go bhfuil bunús bitheolaíoch leis na difríochtaí iompair seo i gcórais spreagtha sa choirtéis is an fho-choirtéis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Indíritheacht/eisdíritheacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 368.