Inbhéartú teochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiniméan meitéareolaíoch ina sáinníonn ciseal aeir the an t-aer níos fuaire faoina bhun. De ghnáth, san atmaisféar íochtarach laghdaíonn an teocht de réir mar a théann tú in airde, agus éiríonn an t-aer te trí chomhiompar. Má bhíonn truaillithe san atmaisféar, mar sin, scaipeann siad go ceartingearach suas, agus amach go cothrománach. Ó am go chéile, áfach, tárlaíonn inbhéartú teochta san atmaisféar ionas go luíonn ciseal d'aer beagáinín níos teo os cionn an aeir ísil thar réimse éigin den Domhan. Ansin ní féidir leis na truaillithe scaipeadh os ard. Tiubhaíonn siad os íseal san atmaisféar, agus is féidir go dtiocfaidh an t-aer ansin chun a bheith baolach do dhaoine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Inbhéartú teochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 367.