Imeall ilchríochach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-imeall idir na himchuacha doimhne aigéanacha is na hilchríocha a chomhdhéanann timpeall 20% d'fhairsinge an aigéin. Dhá phríomhchineál ann: na himill fhulangacha (neamhsheismeach), agus na himill ghníomhacha (seismeach). Tá an chuid is mó de na himill ilchríochacha san Aigéan Atlantach neamhsheismeach, agus a mhalairt san Aigéan Ciúin. San Aigéan Indiach, imill neamhsheismeacha atá ann, ach amháin san oirthuaisceart. Ar imeall fulangach bíonn 3 chuid de ghnáth: an scairbh, an fána, is an airde. Is é síneadh na hilchríche i dtreo na farraige an scairbh ilchríochach, de ghnáth le rilíf íseal is fána séimh (níos lú ná 1:1000 ar an meán). Ar imeall na scairbhe (briseadh na scairbhe) méadaíonn an fána go tobann. Bíonn doimhneacht an bhriste 20-500 m (130 m, ar an meán). Bíonn leithead na scairbhe 2-400 km (75 km ar an meán). Luíonn an fána ilchríochach ar thaobh na farraige den scairbh, síneann chuig doimhneacht 1.5-3.5 km, le fána géar timpeall 1:40 agus leithead 20-100 km. Tugtar an lochtán ilchríochach ar an scairbh is an fána le chéile. In an-chuid áiteanna san aigéan, bíonn an réimse seo gearrtha ag foithreacha faoin bhfarraige a fheidhmíonn chun dríodar ón ilchríoch a iompar amach don airde ilchríochach is an t-imchuach aigéanach. Luíonn an airde ilchríochach idir an fána is imchuach an aigéin. Bíonn fána séimh inti, 1:100-700, agus leithead 100-1000 km (600 km ar an meán). Cruthaíodh an airde ag dríodar ón ilchríoch, bailithe ag bun an fhána. Is féidir go mbeidh sí seo gearrtha ag foithreacha a thugann bealaí don dríodar amach thar an airde agus isteach in imchuach an aigéin. Tugtar talamh críche ilchríochach ar lochtán ilchríochach le sraith imchuacha is sceireacha. Is féidir go mbeidh an fhíorscairbh cúpla ciliméadar ar leithead, le crios imchuacha, oitreacha is oileán ag síneadh suas le 200 km amach uaithi sin (mar shampla, an imeall ilchríochach amach ó dheisceart California).