Ilomantsi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Ceantar tuaithe, nó kunta, in Oirthear na Fionlainne é Ilomantsi. Is é an áit is faide thoir i mórthír an Aontais Eorpaigh (tá an Chipir agus oileán La Réunion níos faide thoir fós). Timpeall ar shé mhíle duine atá ina gcónaí ansin. Baill den Eaglais Ortadocsach iad 17.9 % de mhuintir Ilomantsi - an céatadán is airde ar fud na Fionlainne.

Labhraíonn seandaoine Cairéilis fós, agus chuaigh a lán focal Cairéilise in úsáid sa leathchaint áitiúil. Mar shampla, tugtar Pogosta ar bhaile mhór Ilomantsi. Bhronn an áit seo a hainm ar "ghalar Pogosta", galar matán a bhíonn á iompar ag na míoltóga, go háirithe nuair a bhíonn an samhradh ag druidim chun deiridh.

Sa gheimhreadh, i Mí na Márta de ghnáth, bíonn lucht na scíála ag glacadh páirte i dTuras Scíála Pogosta (Pogostan hiihto). Tógann an turas scíála deireadh seachtaine amháin. Is é lárionad lúthchleasaíochta Parppei áit thosaithe agus chríochnaithe an turais.

Ritheann Runon ja rajan tie ("Bóthar na Filíochta agus na Teorainne"), bealach turasóireachta Oirthear na Fionlainne, trí Ilomantsi.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile