Idirghnéasacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rannpháirtithe ag an tríú Fóram Idirghnéasacha Idirnáisiúnta, i Málta, Nollaig 2013

Forbairt ghnéasach mhínormálta de bharr aimhrialtachtaí i gcomhlánú na ngnéaschrómasóm (XX sa bhaineannach is XY sa bhfireannach), nó lochtanna i bhforbairt na ngónad sa suth óg. Is féidir go mbeidh dabht mar gheall ar ghnéas naíonáin nuabheirthe, nó nach n-éireoidh amhras faoi staid idirghnéasach nó éiginnte ach amháin ag an gcaithreachas. Uaireanta, is gá mionanailís na gcrómasóm, meastacháin ar thál na ngnéashormón, agus bithóipse na bhfaireog gnéasach chun fadhb chasta a réiteach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Idirghnéasacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 362.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]