Ibn Battuta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIbn Battuta

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ar) مُحمَّد بن عبد الله بن مُحمَّد اللواتي الطنجي
Beathaisnéis
Breith24 Feabhra 1304
Tangier (Marinid dynasty)
Básc. 1368
63/64 bliana d'aois
Fez (Marinid dynasty)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tIoslam
Teanga dhúchaisan Araibis
Gníomhaíocht
Réimse oibreTíreolaíocht, dlínse, taiscéaladh agus fiqh
Gairmtaiscéalaí, qadi (en) Aistrigh, ceannaí, taistealaí, cartagrafaí, tíreolaí, scríbhneoir, dlí-eolaí Ioslamach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Araibis, an Pheirsis agus An Tuircis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céilefirst wife of Ibn Battuta (en) Aistrigh (1325–) Cuir in eagar ar Wikidata

Taiscéalaí, scoláire agus breitheamh Maracach ba ea ibn Baṭūṭah[1] (Araibis: أبو عبد الله محمد بن عبد الله اللواتي الطنجي بن بطوطة‎), 24 Feabhra 1304 – 1368/1369 ((779 AH)).

1325-1326

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1332-1346

Rugadh Ibn Battuta (ابن بطوطة), nó Shams ad-Din, i Tangier, Maracó sa bhliain 1304. Ba Bheirbeirigh iad a mhuintir.[2] D'éirigh sé ina scoláire Ioslamach.

D'fhág sé a thír dhúchais nuair nach raibh ach 21 bliain slánaithe aige. Duine a lean an madh'hab Maliki (atá i measc na ngluaiseachtaí Sunnaíoch maidir leis an dlí Ioslamach) chaith sé roinnt blianta ag staidéar i Meice.

1349-1354

Chaith sé 30 bliain ag taisteal ar fud na dtíortha Moslamacha agus go críocha eile freisin (an Afraic Thuaidh, Rinn na hAfraice, Iarthar na hAfraice, Deisceart na hEorpa agus Oirthear na hEorpa, an Meánoirthear, an Áise Theas, Lár na hÁise, Oirdheisceart na hÁise agus an tSín) - breis is 120,000 km.

Cuimhnítear air mar gheall ar a shaothar Rihla (Na Taistil) a thugann scéal na dtríocha bliain beagnach a raibh sé ag taisteal i bpríomhthíortha Ioslam ag an am agus níos faide i gcéin ná sin, ag fágáil ceann de na cuntais is tábhachtaí ar na dálaí i gcodanna móra den Afraic agus den Áise sa tréimhse sin (fiú mura féidir iontaoibh a chur ann go hiomlán). I roinnt áiteanna, ar ar thug sé cuairt, bhí Ibn Battuta ina bhreitheamh agus is minic a bhaineann an insint leis na deacrachtaí rialacha an shari'a a chur i bhfeidhm ar imeall an domhain Ioslamaigh.

cuntas Ibn Battuta de chuid Ibn Juzayy. Sa Leabharlann na Fraince inni.

D'fhill sé ar Mharacó sa bhliain 1354. Bhí sé ina bhreitheamh ansin go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1368 nó 1369 (779 AH).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Abū ‘Abd Allāh Muḥammad ibn ‘Abd Allāh al-Lawātī al-Ţanjī ibn Baṭūṭah
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Ibn Battuta". Dáta rochtana: 2022.