Iascán nimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ball de chlann mhór iasc atá forleathan cois cladaigh i bhfarraigí trópaiceacha is theo-mheasartha. Tá ball Eorpach a fhaightear ón Iorua go dtí an Mheánmhuir, ar nó faoi dhríodar gainimh nó mionduirlinge. Suas le 30 cm ar fhad. An cholainn réasúnta leata. Na heití peilbheacha leathan; an eite droma stríocach gorm, buí ar an bhfireannach. Oscailtí beaga giolbhach ar bharr an chinn. Na súile starraiceach.