Iarnród aonráille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarnród ina n-úsáidtear ráille amháin chun an traein a iompar. Is féidir go mbeidh an ráille sin os cionn nó faoi bhun na traenach, agus is féidir an traein a chobhsú, más gá, le rothaí treoraithe nó gíreascóip. Is féidir go mbeidh an ráille déanta as cruach nó coincréit. Tá cuid mhaith taighde á dhéanamh ar bhealaí iompartha gan rothaí, cosúil le hadhartáin aeir is ardú maighnéadach. Úsáidtear córais aonráille i gcomhair iompair phoiblí amháin, beagnach, agus tá córais mar seo i dTóiceo is Seattle.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarnród aonráille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 360.