Iarmhairt phísileictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cruthú réimse leictrigh in ábhair chriostalta ar leith — cosúil le grianchloch, tíotánáit bairiam (BaTiO3), agus eile — mar thoradh ar strus meicniúil a chur ar an ábhar. Is amhlaidh a dhíchumann an strus an struchtúr criostalta, agus gluaiseann luchtanna leictreacha amach óna chéile nó i dtreo a chéile. Mar mhalairt, má chuirtear difríocht poitéinsil trasna ábhair, déanann sé sin díchumadh meicniúil ar an gcriostal. Úsáidtear an iarmhairt seo i mbraiteoirí meáchain, trasduchtóirí ultrafhuaime agus lastóirí sorn gáis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt phísileictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 359.