Iarmhairt Aharonov-Bohm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iarmhairt Aharonov-Bohm

Tarlaíonn Iarmhairt Aharonov-Bohm nuair a bhíonn léas leictreon roinnte ina dhá chuid, gach cuid ag taisteal ar thaobh difriúil den solanóideach a bhfuil réimse maighnéadach ann, an dá chuid den léas ag teacht le chéile ansin ar scáileán thall. Tarlaíonn patrún trasnaíochta candam-mheicniúla ar an scáileán, a bhraitheann ar phoitéinseal veicteora maighnéadach taobh amuigh den solanóideach, agus ní ar an réimse maighnéadach taobh istigh den solanóideach. Léiríonn sí nádúr an imoibrithe idir an tonnfheidhm is an réimse leictreamaighnéadach. Réamhinis Yakir Aharonov is David Bohm an iarmhairt i 1959, agus taispeánadh í i dturgnaimh roinnt blianta ina dhiaidh sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Aharonov-Bohm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 13.