Iarmhairtí leictrea-optaice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarmhairtí optúla a ionduchtaítear le réimsí leictreacha a chur i bhfeidhm ar ábhar tréshoilseach. Éiríonn ábhair thréshoilseacha áirithe (mar shampla, uisce, beinséin) dé-athraonach nuair a chuirtear i réimse leictreach iad. Iarmhairt Kerr a thugtar air seo, a d'fhionn an fisicí Briotanach John Kerr (1824-1907) i 1875. Baintear feidhm aisti i gcill Kerr, comhla ardmhinicíochta (suas le 1010 Hz) i lascadh léasair. Is iarmhairt dhé-athraonta iarmhairt Pockels freisin, a d'fhionn Friedrich Pockels (1865-1913) i 1893. Tarlaíonn sí seo i gcriostail áirithe le hairíonna siméadracha ar leith, agus baintear feidhm aisti i gcomhlaí ardluais is modhnóirí léas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairtí leictrea-optaice". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 359.