Iarúbaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaIarúbaigh

Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán47,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Iarúibis
CreideamhAn Chríostaíocht, Ioslam agus Yoruba religion (en) Aistrigh
Tíreolaíocht
Ó dhúchasStát Ogun, Ekiti State (en) Aistrigh, Ondo State (en) Aistrigh, Osun State (en) Aistrigh, Oyo State (en) Aistrigh, Lagos, Kwara State (en) Aistrigh agus Kogi State (en) Aistrigh
StáitBeinin, an Nigéir, Tóga, Gána agus Ceanada
Iarúbaigh

Is grúpa eitneach Afracach iad na hIarúbaigh. Is í an Iarúibis a bpríomhtheanga. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na hIarúbaigh sa Nigéir, ach tá mionlach suntasach Iarúbach le fáil i mBeinín chomh maith. Chuaigh Iarúbaigh ar fud an domhain, áfach, agus teacht ar phobail diaspóra ina lán tíortha, Éire féin san áireamh. Glactar leis go bhfuil dhá scór milliún Iarúbach ann ar fad, a bheag nó a mhór.

Tá a gcreideamh traidisiúnta Afracach ag na hIarúbaigh, ach tá na heaglaisí éagsúla Críostaí agus Ioslam sách láidir ina measc inniu. Le fírinne tá siad níos éagsúla ó thaobh an reiligiúin de ná an chuid is mó de na grúpaí eitneacha san Afraic. Na hIarúbaigh nach gcloíonn leis an orisha is minic a thugann siad urraim don tseanreiligiún mar rud cultúrtha. Ar na saolta seo tá féilte agus imeachtaí an tseanchreidimh ag tarraingt tuilleadh tinrimh i dtír na nIarúbach.

Seanchreideamh na nIarúbach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an t-orisha an coincheap lárnach i seanchreideamh na nIarúbach. D'fhéadfá a rá gur déithe iad na h-orishaí éagsúla, ach is féidir a rá freisin gur ioncholluithe iad ar ghnéithe éagsúla Dé. Mar shampla, seasann Ogun don mhiotal, don chogadh agus don bhua, agus is é Shango a sheasann don toirneach agus don cheart - rí na splancarnaí agus breitheamh an chirt, mar a déarfaí, Carachtar suimiúil é Eshu, a bhfuil dhá nádúr ann: an cleasaí agus an múinteoir. Teachtaire é Eshu freisin agus é ag tabhairt teachtaireachtaí na ndaoine chuig na déithe - tuigeann sé gach teanga agus gach canúint dhaonna.

Is é Olorun nó Oorun dia na gréine, agus is ceann d'ioncholluithe an Ard-Dé é. Is é Olodumare an cruthaitheoir, agus is é Olofin atá suite idir an spéir agus an talamh.