Ianinneall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ianinneall NEXIS (2005)

Inneall a dearadh chun spásárthach a thiomáint nó satailítí a ionramháil, tríd an idirghníomhú de bharr scaoileadh páirteagal luchtaithe (iain). Luasghéaraítear na páirteagail seo le réimsí leictreastatacha san inneall. Nuair a scaoiltear iad go leanúnach mar scaird chun an fheithicil a luasghéarú sa treo díreach i gcoinne treo na scairde, fágann sé seo an fheithicil féin luchtaithe le luchtanna den pholaraíocht eile. Is gá an luchtú seo a bhaint, agus déantar é seo de ghnáth trí dhá léas luchtanna, ceann amháin dearfach is an ceann eile diúltach, a scaoileadh amach go cliathánach i dtreonna urchomhaireacha go dtagann siad le chéile taobh thiar den fheithicil. Ní mór foinse fuinnimh a bheith ag an inneall, agus go minic is foinse núicléach í le cnapán ábhair an-radaighníomhaigh a ghineann teas a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint leis an ábhar tiomána (de shaghas argóin) a ianú is a luasghéarú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ianinneall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.