Ianghaiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste chun iain a choinneáil i dtoirt ar leith, níos lú ná 1 cm ar leithead, trí fhuarú le léasair. Braitheann sé ar chóras réimsí leictreacha is maighnéadacha. Is féidir na hiain a sháinniú ina n-aonar nó i mbraislí chun gur féidir a n-airíonna a iniúchadh, cosúil leis na leibhéil fuinnimh, a réanna is a n-imoibrithe. I ngaiste Penning, bíonn réimse tairiseach leictreach is réimse athraitheach maighnéadach. I ngaiste Paul, bíonn réimsí athraitheacha leictreacha gan aon réimse maighnéadach.