Ianaitheoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas leictreach a ghineann luchtanna diúltacha leictreacha a ghabhann páirteagail ar eite, cosúil le páirteagail deannaigh is deataigh. Aomtar iad go talamh, rud a ghlanann an t-aer. Tá claonadh i ngníomhaíocht leictreach gléasanna éagsúla, mar théitheoirí, teilifíseán is ríomhairí, luchtanna diúltacha a neodrú agus an t-atmaisféar a fhágaint le luchtanna dearfacha. Meastar go gcuireann siad seo le fadhbanna riospráide, tinneas cinn, ailléirgí, fiú dúlagar. Dar le déantúsóirí na n-ianaitheóirí, is rathúil iad a úsáid chun sláinte daoine a fheabhsú agus comhshaol oibre níos fearr a chur ar fáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ianaitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.