Ian Paisley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tiarna Urramach agus Ró-Onórach Chois Banna, CB
DrIanPaisley.jpg

Céad-Aire Thuaisceart Éireann
In oifig
8 Bealtaine 2007 - 5 Meitheamh 2008
Réamhtheachtaí: David Trimble
Comharba: Peter Robinson

In oifig
18 Meitheamh 19706 Bealtaine 2010
Réamhtheachtaí: Henry Maitland Clark
Comharba: Ian Óg Paisley

Dáta breithe 6 Aibreán 1926
  Ard Mhacha
Páirtí Páirtí Aontachtach Daonlathach
Céile Eileen Paisley
Suíomh gréasáin www.ianpaisley.org

Polaiteoir agus eaglaiseach i dTuaisceart Éireann is ea é Ian Richard Kyle Paisley, Barún Chois Banna, CB. Saolaíodh ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1926 é in Ard Mhacha. Teachta Parlaiminte d'Aontroim Thuaidh a bhí ann ón mbliain 1970 go 2010, agus comhalta i dTionól Thuaisceart Éireann don toghcheantar chéanna ó 1998 go 2011. Bhí sé ina Fheisire Eorpach do Thuaisceart Éireann sna blianta 1979-2004. Bhí sé ar duine acu a bhunaigh Eaglais Shaor-Phreispitéireach Uladh, agus tá sé ina Mhodhnóir ar an eaglais seo faoi láthair. Cosúil leis sin, bhí sé ina cheannaire ar an bPáirtí Aontachtach Daonlathach ón bhliain 1971 go 2008[1] - eagraíocht eile a raibh lámh aige ina bunú. Is ball é de Chomhairle na Banríona. Tarraingíonn sé a lán conspóide as ucht a chuid tuairimí ar an bpoblachtánachas in Éirinn agus ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach. Tá sé pósta ar Eileen Paisley, agus tá cúigear clainne acu. Chuaigh Rhonda agus Ian le polaitíocht, ar nós a n-athara. Tar éis dó éirí as Teach na dTeachtaí, uaislíodh é ar an 18 Meitheamh 2010 nuair a rinneadh Barún Chois Banna, as Aontroim Thuaidh i gContae Aontroma, de.

Cúlra[athraigh | edit source]

Rugadh Ian Paisley in Ard Mhacha, ach d'fhás sé aníos i mBaile Meánach, áit a raibh a athair ina mhinistir do na Baistithe Neamhspleácha. B'é a mháthair, Isabella Paisley ó Albain, a chuir i dtreo an tSoiscéalachais é nuair a bhí sé sé bliana d'aois. Nuair a chríochnaigh sé a chuid scolaíochta i mBaile Meánach, chuaigh sé ag obair ar fheirm i gContae Thír Eoghain. Ansin, mhothaigh sé gur chóir dó dul le reiligiún mar shlí bheatha, agus rinne sé staidéar ar an diagacht i gcoláiste bunúsaíoch sa Bhreatain Bheag agus i mBéal Feirste, cé nár bhain sé amach céim i gceachtar den dá scoil.

Oirníodh Paisley mar mhinistir Protastúnach i mBéal Feirste sa bhliain 1946. Bhí ministrí ó cheithre eaglais éagsúla páirteach sa t-searmanas, ach tá sé ina ábhar conspóide i gcónaí, an raibh údarás ceart eaglasta acu le páirt a ghlacadh nó le dintiúirí a bhronnadh ar Phaisley. Ina dhiaidh sin, bhí deacrachtaí ag Paisley cead seanmóiríochta a fháil ón Eaglais Phreispitéireach, agus sa deireadh thiar thall, bhunaigh sé agus lucht a thacaíochta an Eaglais Shaor-Phreispitéireach ar an gCrois Ghearr ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1951.

Tá Paisley ina baill de na Printisigh, eagraíocht na nDílseoirí i nDoire. Bhí sé ina bhall den Ord Oráisteach freisin, tráth. Sa bhliain 1962, áfach, chuaigh ball sinsearach dá lóiste ag éisteacht Aifrinn Chaitlicigh. D'éirigh Paisley as an eagraíocht mar agóid, nuair nach bhfuair an "fealltóir" an pionós ba chuí dó, dar le Paisley. Tá baint aige leis an Ord Oráisteach Neamhspleách inniu, agus é ag óráidíocht ar a bhfeis siúd gach bliain, ar an dóú lá déag de Mhí Iúil.

An dochtúireacht atá ag Paisley, is dochtúireacht oinigh é a fuair sé ó Ollscoil Bob Jones. Coláiste bunúsaíoch Críostaí is ea í an ollscoil seo agus í lonnaithe i nGreenville i gCarolina Theas sna Stáit Aontaithe. Bhí Paisley mór le mac an fhir a bhunaigh an ollscoil, Bob Jones Jr., ceannaire bunúsaíoch Críostaí sna Stáit a fuair bás sa bhliain 1997. Inniu féin, tá dlúthchaidreamh ag Paisley le hOllscoil Bob Jones, agus é ag labhairt go poiblí ansin ó am go ham.

Bhunaigh Paisley nuachtán dá chuid féin, an Protestant Telegraph, lena theachtaireacht féin a reic, ach inniu, tá suíomh gréasáin aige, Institiúid Eorpach an Léinn Phrotastúnaigh[1], a dhéanann an gnó céanna. Tá an dúrud leabhar, billeog agus paimfléad scríofa aige ina bpléann sé cúrsaí an reiligiúin agus na polaitíochta, agus a chuid scríbhinní á ndíol go fairsing sna Stáit Aontaithe féin, rud a chinntíonn teacht isteach maith do Phaisley agus a mhuintir.

Sa bhliain 1956, bhunaigh Paisley agus roinnt Phrotastúnach eile an eagraíocht úd UPA, nó Gníomhaíocht Phrotastúnach Uladh. Bhí cuid mhór de bhunaitheoirí na heagraíochta seo le ról tábhachtach a dhéanamh i saol na nAontachtóirí sna blianta a bhí le teacht. Go bunúsach, bhí an tUPA ceaptha le haghaidh téisclime roimh ionsaithe an IRA trí dhaoine saorthoilteanacha as measc an phobail a earcú le dul ar patról, trí bharacáidí a thógáil agus trí shúil a choinneáil ar dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ag comhoibriú leis an IRA. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh gá le gníomhaíocht shaorthoilteanach den chineál sin san am, ós rud é gurbh é Feachtas na Teorainne an chloch ba mhó ar phaidrín an IRA san am. Mar sin féin, fágadh struchtúr an UPA gníomhach, agus bhain Paisley úsáid as lena theachtaireacht féin a reic ag cruinnithe. B'ansin a tharraing sé súil an tsaoil mhóir air féin an chéad uair, agus é ag tarraingt trioblóide agus corraíola lena chuid óráidí binbe.

Sna seascaidí, bhí Paisley ar thús cadhnaíochta ag cur in aghaidh an dóigh a raibh Terence O'Neill, príomh-aire an Tuaiscirt, ag iarraidh comhréiteach a shocrú agus spiorad dea-chomharsanachta a chothú le Poblacht na hÉireann. B'ionann sin, dar le Paisley, agus tréas, go háirithe nuair a chuaigh an Niallach i dteagmháil phearsanta le Seán Lemass, Taoiseach na Poblachta. Cé gur teicnealathaí pragmatach, praictiúil ab ea é Lemass go bunúsach, cosúil leis an Niallach féin, bhí Paisley an-mhímhuiníneach as, ó ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca ina óige. Chuir Paisley in aghaidh iarrachtaí an Niallaigh cearta mionlaigh a bhronnadh ar na Caitlicigh agus stop a chur le cleachtais áirithe a bhí ag buanú drocháit na gCaitliceach sa tsochaí, ar nós chlaonroinnt na dtoghlach. Sa bhliain 1964, d'éiligh sé ar Chonstáblacht Ríoga Uladh go mbainfí trídhathach na hÉireann d'oifigí Shinn Féin i mBéal Feirste. Nuair a comhlíonadh an t-éileamh seo, tharraing sé dhá lá brilsce agus bruíonachais sa chathair ina dhiaidh. B'é an mana a bhí ag Paisley ná "deamhan géilleadh" (no surrender), is é sin, níor chóir cearta sibhialta ar bith a ghéilleadh do na Caitlicigh, ós rud é gur dual dóibh bheith mídhílis don Choróin. Bhí Paisley go minic anuas ar chomharbaí Uí Néill, mar atá, Brian Faulkner agus James Chichester-Clark, toisc nach raibh siad sách dian ar na Caitlicigh, dar le mo dhuine.

I Mí na Márta 1969, chaith Paisley seal sa phríosún in éineacht le Ronald Bunting. Bhí an bheirt sin i ndiaidh frithléirsiú neamhdhlíthiúil a chóiriú mar agóid in aghaidh an mhórshiúil a bhí ag Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann (NICRA) in Ard Mhacha. Íorónta go leor, cé gur Protastúnach a bhí ann, chuaigh mac Ronald Bunting, Ronald Óg nó Ronnie Bunting le Poblachtánachas ina dhiaidh sin, agus é ar duine de bhunaitheoirí an INLA. D'fhág Paisley an príosún nuair a fuair ciontóirí polaitiúla pardún ginearálta.

Ian Paisley (ar chlé) le George W. Bush agus Máirtín Mag Aonghusa (2007)

De réir caipéisí de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe a tháinig chun solais sa bhliain 2002, d'fhéach Paisley le comhréiteach a bhaint amach leis an SDLP sa bhliain 1971, agus an Rúnaí Caibinéid Sior Burke Trend ina idirghabhálaí eatarthu. Thug Paisley le fios go bhféadfadh sé "socrú a chur ar bun leis na ceannairí Caitliceacha agus córas nua rialtais a thógáil ar an dúshraith seo". Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuair Paisley ach an dubheiteach, nuair a tuigeadh don SDLP go mbeadh an comhréiteach seo féin ag fabhrú do na hAontachtóirí i gcónaí. Seo an méid a bhí le rá ag Paisley féin i dtaobh an chomhréitigh:

Ní raibh an SDLP sásta téanachtaint linn an bealach ba mhian linn. Ní dhéarfainn go raibh comhchainteanna ann, ach d'éist muid le tuairimí is le dearcaíocha a chéile, ach níor tháinig aon fhorbairt air sin. Bhí muid ullamh triail a bhaint as dóigheanna nua le Tuaisceart Éireann a rialú, iontas go mbeadh lucht an dá chreideamh sásta leis an gcineál rialtais a bheadh ann, ach b'é an eochair é go gcaithfeadh an duine a raibh an chumhacht aige an chumhacht sin a fháil ó na daoine.

Bhí Paisley míshásta leis an dóigh ar chuir rialtas Edward Heath pairlimint Thuaisceart Éireann ar fionraí sa bhliain 1972 leis an stáitín a rialú go díreach ó Londain. Chuir sé in aghaidh Chomhaontú Sunningdale, arbh iarracht uaillmhianach é le baint Phoblacht na hÉireann, Thuaisceart Éireann agus na Ríochta Aontaithe le chéile a athshainiú ó bhonn. Bhí an comhaontú seo ag gealladh comhrialtas an dá phobal (nó Coiste Feidhmiúcháin Cumhachtroinnte), chomh maith le Comhairle na hÉireann a nascfadh an dá stát ar oileán na hÉireann ar leibhéal dlíthiúil (cé nach n-athródh sí stádas bunreachtúil an stáitín). Bhí an-pháirt ag lucht leanúna Paisley sa stailc a chuir comhaontú Sunningdale ar neamhní.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]