Hywel Dda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hywel Dda
'Rí Dyfed, Powys agus Gwynedd
Prionsa Seisyllwg agus Deheubarth
Hywel Dda at Cardiff City Hall.jpg
Hywel Dda, dealbh le F. W. Pomeroy, Halla na Cathrach, Caerdydd.
Réimeas 942-950
Dáta breithe 28 Meitheamh 1491
Dáta báis 950
Réamhtheachtaí Idwal Foel ap Anarawd
Rítheaghlach Túdar
Céile Elen ferch Llywarch (ca. 887-950)
Hwyel "Dda" ap Cadell; ón lámhscríbhinn Peniarth 28

Bhí meas mór ar Hywel Dda (c. 880-950), (Is ionann 'Dda' agus 'Deagh' i nGaeilge na hÉireann) agus é ina rí ar Deheubarth in iar-dheisceart na Breataine Bige. (Is ionann 'Deheubarth' agus 'Cuid an Deiscirt' i nGaeilge na hÉireann.) Ag baint úsáide as a ghliceas, mhéadaigh sé ar a fhlaitheas agus sa deireadh bhí a riail i bhfeidhm ó Prestatyn go dtí Penfro.

Ba de shliocht Rhhodri Mawr é, de dheasca a athar Cadell, agus ba bhall é de chraobh Dinefwr an ríshleachta. Tugtar 'Hywel ap Cadell' air freisin. Tá taifead déanta faoi mar 'Rí na mBriotanach' sna hAnnála Cambriae agus in Annála Uladh.

Tá cuimhneamh ar Hywel mar dhuine de na rialóirí is fearr riamh de chuid na Breataine Bige. Luaitear a ainm ach go háirithe le forbairt a dhéanamh ar dhlíthe na Breataine Bige, ar a dtugtar de ghnáth Dlíthe Hywel Dda. Bhain sé an leasainm 'dda' amach mar go raibh a dlíthe cóir agus maith. De réir an staraí Dafydd Jenkins feictear atrua seachas pionós iontu, neart chiall comhchoiteann agus tuiscint ar leith i dtreo na mban. Go cinnte, b'fhear oilte é Hywel, fiú le caighdeáin an lae inniu, agus bhí eolas maith aige ar an Bhreatnais, an Laidin, agus an Bhéarla. [1]

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Rugadh Hywel thart ar an bhliain 880, b'e Cadell a athair, agus Rhodri Mawr nó Rhodri ap Merfyn (c. 820–878) a sheanathair.

Éachtaí[athraigh | edit source]

Bhí réimeas Hywel foréigneach go leor, ach bhí sé in ann comhthuiscint a bhaint amach le Athelstan Shasana. Bhí a leithéid de mhuintearas idir an Bhreatain Bheag agus Sasana go raibh Hywel in ann a mhonaíocht féin a bhualadh i Chester. B'é Hywel an chéad rialóir de chuid na Breataine Bige a bhí in ann boinn airgid a tháirgeadh, ó aimsir na gCeilteach, míle bliain roimhe.

Dlí na Breataine Bige[athraigh | edit source]

Bhí dlí na Breataine Bige códaithe agus rinneadh taifead i scríbhinn dó ar mhaithe leis na glúinte a bhí le teacht. Tharla seo, sa bhliain 945, nuair a tionóladh comhdháil i Hendy-gwyn, Sir Gaerfyrddin. De réir traidisiúin, rinne an cléireach clúiteach Blegywryd go leor den obair. Tar éis bháis Hywel, roinneadh a ríocht i dtrí. D'éiligh mic Idwal Foel teideal úinéireachta ar Gwynedd, agus ag an am céanna roinneadh Deheubarth go cothrom idir mic Hywel. Mar sin féin, tháinig a oidhreacht slán i bhfoirm a reachtaíochta, a bhí fós in úsáid faoi ar fud na Breataine Bige go dtí an concas nuair a chuir Parlaimint Shasana deireadh leo sa 16ú haois.