Hydra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochHydra 
Ainmniú sealadachS/2005 P 1 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgealach de chuid Phlútóin
FionnachtaíAlan Stern
Marc Buie Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana15 Bealtaine 2005, Spásteileascóp Hubble
EapainmHiodra
Réad tuismitheoraPlútón
Sonraí fithiseacha
Ais mhór a64,749 km
Éalárnacht e0.0051
Tréimhse fhithiseach P38.206 d
Claonadh i0.242 °
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga57.5 km Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)23.38 (banda V) Cuir in eagar ar Wikidata
Mais50,000,000,000,000,000 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.35 [1] Cuir in eagar ar Wikidata
Teocht an dromchla
íosmhéid  uasmhéid
33 K  55 K Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCóras Phlútóin Cuir in eagar ar Wikidata

Satailít nádúrtha de chuid Phlútóin is ea Hydra. B'é Spásteileascóp Hubble a tháinig uirthi i Mí Bhealtaine sa bhliain 2005, san am céanna ar fionnadh Nix. Tá an ghealach seo ag timpeallú Phlútóin, nó meáchanlár chóras Phlútóin, ar fhithis beagnach cruinn ar aon phlána le Carón agus Nix. Tá ga na fithise timpeall 65,000 ciliméadar, agus críochnaíonn Hydra aon chúrsa amháin timpeall an lárphointe in aghaidh 38.2 lá. Níor tomhaiseadh Hydra go fóill, ach creidtear go bhfuil sí idir 40 agus 130 ciliméadar ar trastomhas, agus cé gur measadh ar dtús go mbeadh sí beagáinín níos mó ná Nix, is deacair a rá, dháiríre, an bhfuil.

Scaoileadh an spástaiscéalaí New Horizons chun bóthair i Mí Eanáir 2006, agus tabharfaidh sé cuairt ar Phlútón agus a chuid satailítí sa bhliain 2015.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. NASA FACTS” (Béarla). NASA.