Hugo Pratt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHugo Pratt

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Ugo Eugenio Prat
15 Meitheamh 1927
Rimini, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Lúnasa 1995
68 bliana d'aois
Pully, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse cholaireictach)
Áit adhlacthaGrandvaux Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Áit chónaitheGrandvaux
Gníomhaíocht
Réimse oibreCoimicí agus scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta
Gairmealaíontóir greannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnAlfonso Font
Ainm cleiteHugo Pratt Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0695463 Discogs: 2449329 Find a Grave: 14413720 Cuir in eagar ar Wikidata

I Rimini san Iodáil a rugadh an t-úrscéalaí grafach Hugo Pratt (Ugo Eugenio Prat, 15 Meitheamh 192720 Lúnasa 1995). Chaith sé a shaol idir an Veinéis, an Airgintín, an Fhrainc, agus an Eilvéis. Is é an tsraith Corto Maltese an tsraith is iomráití dá chuid, tá breis agus fiche leabhar scríofa aige, iad aistrithe in iliomad teangacha.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Hugo Pratt i Rimini sa bhliain 1927, agus d’fhás sé suas sa Veinéis. Sa bhliain 1937 chuaigh sé is a mháthair Evelina Genero Pratt chun cónaí san Aetóip, mar a raibh a athair Rolando Pratt in arm na hIodáile. Gabhadh a athair i 1941 agus fuair sé bás le fiabhras i gcampa géibhinn Sasanach i 1942. Sa bhliain chéanna, cuireadh Hugo agus a mháthair i gcampa géibhinn san Aetóip.

Tar éis an chogaidh chuaigh sé ag obair mar chartúnaí sa Veinéis, agus go gairid ina dhiaidh sin d’aistrigh sé go dtí an Airgintín le hobair a dhéanamh in earnáil na gcoimicí i mBuenos Aires. Taistealaí mór a bhí ann, agus chaith sé tréimhsí ina dhiaidh sin ag obair idir an Airgintín, Londain, Páras agus an Eilvéis.

Cailleadh le hailse é san Eilvéis i 1995.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

In irisí éagsúla d’fhoilsigh sé scéalta grafacha a bhain le Corto Maltese, Gli scorpioni del deserto (scairpeanna an fhásaigh) agus Jesuit Joe. Cé gur bhain sé cáil ar leith amach leis an gcarachtar Corto Maltese, lean sé air ag forbairt is ag foilsiú ábhar nua i gcaitheamh a shaoil. Rinneadh dhá scannán beochana bunaithe ar an tsraith. In 2005 ainmníodh é san Will Eisner Award Hall of Fame.

Corto Maltese[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús leis an tsraith le Port na Farraige Goirt (Iodáilis: Una ballata del mare salato), sa chéad eagrán den mhíosachán Il Sergente Kirk i mí Iúil.[1] Smuigléirí agus foghlaithe mara i ndeisceart an Aigéin Chiúin roimh thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda atá mar chúlra leis an scéal. I 1970, d’aistrigh Pratt go dtí an Fhrainc agus thosaigh ag obair ar shraith scéalta gearra Corto Maltese don iris Franca-Bheilgeach Pif Gadget. I 1974 d’fhill sé ar na scéalta fada, agus chuir sé Corto i 1918 go dtí an tSibéir sa scéal Corte sconta detta arcana (Corto Maltese sa tSibéir), a foilsíodh i bhfoirm sraithe ar dtús san iris Linus; agus i 1980 chuir sé Corto ar thuras trasna na hÁise in An Teach Órga i Samarkand.

I 1976, foilsíodh Port na Farraige Goirt i bhfoirm leabhair, agus bronnadh an duais don saothar réalaíoch eachtrannach dó ag Féile Angoulême i 1976.[2]

Lean Pratt air ag foilsiú scéalta nua as sin go dtí 1989 nuair a foilsíodh an leabhar deireanach leis, Mu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fonótaí
  1. "Hugo Pratt".
  2. "Le Palmarès 1976" (Fraincis). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-03-13. Dáta rochtana: 2014-03-29.

Nascanna Seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]