Hugh Lane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHugh Lane

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Samhain 1875
Contae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Bealtaine 1915
39 bliana d'aois
Lusitania Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháis
Gníomhaíocht
Gairmdéileálaí saothar ealaíne, bailitheoir ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairJames William Lane  agus Frances Adelaide Persse
Gradam a fuarthas
Portráid de Hugh Lane ó 1906

Ba dhéileálaí ealaíne Éireannach é Sir Hugh Percy Lane (9 Samhain 18757 Bealtaine 1915). An cháil is mó atá atá air ná gur bhunaigh sé an chéad dánlann nua-ealaíne sa domhan in Éirinn. Is é seo Dánlann Hugh Lane, atá suite ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Hugh Lane do James William Lane agus Frances Adelaide Persse. Ba as Corcaigh muintir Lane agus as Gaillimh muintir Persse agus bhí Lady Gregory ina aintín leis. Tógadh Hugh Lane i gCorn na Breataine i Sasana, cé gur rugadh é in Éirinn, i gContae Chorcaí. Bhí sé ina dhéileálaí ealaíne i Londain faoin mbliain 1901.

Coincheap na Dánlainne Nua-Ealaíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó cuairt a thabhairt ar a aintín, Lady Gregory, in Éirinn agus taispeántas péintéireachta comhaimseartha a fheiceáil ansin, shamhlaigh Lane go bhféadfaí dánlann a bhunú ina bhféadfaí an chuid is fearr d'ealaín nua-aimseartha na hÉireann agus an domhain mhór a chur ar taispeáint, taobh le taobh. Ón am sin ar aghaidh, dhírigh Lane a chuir iarrachtaí go léir ar bhailiú na healaíne nua-aimseartha ó Éirinn, Sasana agus ón Mór-Roinn, don dánlann nua. Osclaíodh an dánlann nua seo ar 20 Eanáir 1908 i dTeach Clonmell ar Shráid Fhearcair, i mBaile Átha Cliath. Ach bhí deacrachtaí le hionad buan a fháil don bhailiúchán agus bhí Lane féin imithe ar shlí na fírinne sular lonnaíodh an bailiúchán i ndánlann bhuan, i dTeach Charlemont ar Chearnóg Pharnell.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Lane bás mar phaisinéir ar an RMS Lusitania, nuair a cuireadh an long sin go tóin poill le toirpéad ó fhomhuireán Gearmánach le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]