Hugh David Politzer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Nua-Eabhrac is ea Hugh David Politzer (1949-). I 2004, le David Gross is Frank Wilczek, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic as a shaothar taighde ar an bhfórsa láidir sa núicléas agus an léiriú go bhfuil saoirse asamtóiteach i dteoiric an fhórsa láidir (crómaidinimic chandamach) is go méadaíonn an fórsa seo idir dhá chuarc de réir mar a bhogann siad amach óna chéile.