Howard Hawks
| Howard Hawks | |
| Hawks le Lauren Bacall sa bhliain 1943 | |
| Dáta breithe | 30 Meitheamh 1896 |
| Goshen, Indiana | |
| Dáta báis | 26 Nollaig 1977 |
| Palm Springs, California | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gairm | Stiúrthóir, léiritheoir, scannánóir |
| Duaiseanna | Duais an Acadaimh (Oscar) |
| Céile | Athole Shearer (1928-1940) Slim Keith (1941-1949) Dee Hartford (1953-1959) |
Duine de na stiúrthóirí scannán a bhí ag obair i Hollywood i ré chlasaiceach na scannánaíochta Meiriceánaí a bhí i Howard Winchester Hawks, a rugadh i nGoshen, Indiana ar an 30 Bealtaine 1896 agus a fuair bás i bPalm Springs, California ar an 26 Nollaig 1977.
Stiúrthóir bisiúil a bhí ann a bhain amach clú agus cáil le scannáin ina lán seánraí: scannáin bhithiúnach (Scarface, 1932), coiméide screwball (Bringing Up Baby, 1938; His Girl Friday, 1940), scannáin eitleoireachta (Only Angels Have Wings, 1939), scannáin chogaidh (Sergeant York, 1941), scannáin bhleachtaireachta (The Big Sleep, 1946), scannáin bhuachaillí bó (Red River, 1948), scannáin eachtránaíochta (Hatari!, 1962), agus a lán eile.
Sa bhliain 1975, bronnadh Duais an Acadaimh (Oscar) air as saothar a shaoil. Níor éirigh leis, áfach, an duais sin a bhaint amach le haon scannán ar leith riamh, cé go raibh sé ar an ngearrliosta do dhuais an stiúrthóra ab fhearr sa bhliain 1942 as an obair a rinne sé ar Sergeant York.