Horst Bienek

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Plaic chuimhneacháin do Horst Bienek i nGleiwitz/i nGliwice. Is é is brí leis an scríbhinn Polainnise ná:Horst Bienek, 1930-1990, scríbhneoir Gearmánach. Chaith sé na blianta 1930-45 ina chónaí sa teach seo. Chuir sé i míotar saol a chathrach dúchais, Gleiwitz, i sraith cheithre úrscéal: "An Chéad Pholca", "Solas an Mheán Fómhair", "An tAm gan Chloig", "Talamh agus Tine". Fuair sé bás sa bhliain 1990 i München.

Scríbhneoir Gearmánach ab ea é Horst Bienek (rugadh ar an 7 Bealtaine 1930 é i nGleiwitz, inniu Gliwice sa Pholainn, fuair sé bás ar an 7 Nollaig 1990 i München).

A Shaol[athraigh | edit source]

Chaith Horst Bienek tús a óige i nGleiwitz, ach nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thit an chathair leis an bPolainn. Ansin, d'fhág an fear óg an áit, agus shocraigh sé síos i mBeirlín. Ar dtús, bhí sé ag staidéar amharclannaíochta faoi stiúradh Bertolt Brecht, ach ós rud é gur minic a théadh sé ar cuairt chuig cairde i mBeirlín Thiar, nach raibh dealaithe ón Oirthear go fóill san am seo, rug na póilíní rúnda air i ndeireadh na bliana 1951, agus é á ionchúisiú faoi spiaireacht. Ghearr binse míleata na Sóivéadach príosúnacht cúig bliana is fiche dó. Chaith sé ceithre bliana i gcampa géibhinn i Vorkuta, ach ansin, fuair sé pardún agus cead dul ar imirce go hIarthar na Gearmáine. Bhí sé ina chraoltóir don staisiún raidió Hessischer Rundfunk agus ina eagarthóir ar an iris Blätter & Bilder. Sa bhliain 1966, chuaigh sé ag obair ina eagarthóir liteartha ag an teach foilsitheoireachta Deutscher Taschenbuch Verlag i München, áit ar fhan sé go lá a bháis.

Tháinig an t-úrscéal Die Zelle amach sa bhliain 1968. Cur síos atá ann ar a shaol i mbraighdeanas na Sóivéadach. Go ginearálta, scríobh Bienek i dteanga néata gan mórán maoithneachais, agus d'imir imeachtaí agus atmaisféar na Gearmáine sna blianta iarchogaidh an-tionchar ar a chuid scríbhneoireachta. Thosaigh sé mar fhile liriciúil, ach is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.

A Shaothar[athraigh | edit source]

Na húrscéalta faoi Gleiwitz:

  • Die erste Polka ("An Chéad Pholca")
  • Septemberlicht ("Solas an Mheán Fómhair")
  • Zeit ohne Glocken ("An tAm gan Chloig")
  • Erde und Feuer ("Talamh agus Tine")

Is éard atá sa chéad úrscéal ná cur síos ar an lá deireanach síochána i nGleiwitz. Sa dara húrscéal, arís, tá an cogadh tosaithe. Sa tríú himleabhar, tá an cogadh ag dul de na Gearmánaigh, agus cloig na heaglaise á dtógáil anuas leis an miotal a leá le haghaidh an chogaidh. Is é is ábhar don cheathrú húrscéal ná deireadh an chogaidh agus an chinniúint atá i ndán do charachtair na sraithe. Cuid acu, fanann siad sa bhaile i nGleiwitz, agus na Sóivéadaigh ag sealbhú na háite; an chuid eile, tá siad ag iarraidh éalú, ach tá sé daite dóibh bás a fháil i mbuamálacha móra Dresden.

Eile:

  • Die Zelle ("An Cillín")
  • Bakunin, eine Invention ("Bakunin, nó cineál scéal cumadóireachta") - cur síos ar shaol Mikhail Bakunin, an t-ainrialaí Rúiseach, atá anseo, agus san am céanna súil chriticiúil atá ann ar mheon na n-idéalaithe óga i ndeireadh na seascaidí
  • Solschenizyn und andere ("Solzhenitsyn agus eile") - cnuasach aistí
  • Der Blinde in der Bibliothek ("An Fear Dall sa Leabharlann") - cnuasach eile aistí
  • Königswald oder die letzte Geschichte ("Königswald, nó an Scéal Deireanach" - logainm is ea é Königswald a chiallaíonn Coill an Rí nó Foraois an Rí) - Cineál seachthoradh is ea é seo don tsraith faoi Gleiwitz - úrscéal faoi na himeachtaí i ndeireadh an chogaidh sa Bhoihéim (is é sin, in iarthar na Seicshlovaice, a bhí forghafa ag na Gearmánaigh). Seanmhná iad na príomhcharachtair, agus díorma de chuid an SS ag iarraidh a dteach a shealbhú le cath deireanach an éadóchais a chur ansin ar na treallchogaithe Seiceacha agus ar na saighdiúirí Sóivéadacha. Téann na seanmhná chun ceannairce agus chun cearmansaíochta ar fhir an SS, áfach, ós rud é nach dteastaíonn a leithéid de chath uathusan ar aon nós.
  • Birken und Hochöfen. Eine Kindheit in Oberschlesien ("Beithí agus Múcháin. Mo chéad óige sa tSiléis Ard").