Hormón lúitéinitheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gliceapróitéin, ar hormón gónadatrófach é a thálann maothán tosaigh na faireoige piotútaí i veirteabraigh. I mamaigh bhaineanna, baineann sé le haibiú deireanach na bhfalacailí ubhagánacha, próiseas an ubhsceite, agus tús chruthú an corpus luteum. I bhfireannaigh, spreagann sé na cealla scáineacha (cealla Leydig) sna huiríocha chun téististéarón a thál, ionas go dtugtar hormón spreagadh na gceall scáineach air freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hormón lúitéinitheach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.